Tá drugaí chun cabhrú linn meáchan a chailleadh, mar Ozempic, á ndíol ar an margadh dubh (black market) in Éirinn ag othair thinne.
Tá drugaí mar Ozempic ann do dhiaibéiteas (diabetes) agus fadhbanna tromchúiseacha sláinte ach tá siad á n-úsáid ag daoine cáiliúla chun fanacht tanaí cé go bhfuil ganntanas ann.
Tá rabhadh á thabhairt ag saineolaithe faoi mhéadú ar dhíolachán cógas neamhordaithe (unprescribed).
Tá drugaí mar Ozempic, a bhfuil an-tóir orthu chun meáchan a chailleadh i measc daoine cáiliúla saibhre, á ndíol ar na meáin shóisialta agus ar shuímh ghréasáin folaitheacha (clandestine).
Deirtear go bhfuil roinnt othar a fhaigheann an druga go dlisteanach (legitimately) fiú ag athdhíol an druga le cairde agus le comharsana.
Dúirt iar-TD de chuid Fhine Gael agus iar-chógaiseoir (pharmacist) as Baile Átha Cliath Kate O’Connell gur chuala sí trácht ar custaiméirí ag ceannach an druga ar líne – agus ansin á dhíol chuig a gcomharsana ar bhrabús, dar leis an Irish Daily Mail.
‘Feicimid daoine, na daoine is oilte, ag admháil domsa mar chógaiseoir gur ól siad Ozempic a cheannaigh siad ar líne,’ a dúirt sí.
‘Chuirfinn comhairle orthu faoi na rioscaí a bhaineann leis na drugaí atá á fháil agat sa phost a ghlacadh.
‘Chomh maith le sin ní táibléad é. Tá tú ag instealladh rud éigin nach bhfuil aon eolas agat faoi,’ a dúirt sí.
‘Má tá an táth ort, tá tú ag fáil uisce steiriúil, sa chás is measa, tá rud éigin i bhfad níos measa agat. Molaimid go láidir do dhaoine gan na rioscaí sin a ghlacadh.
‘Cluineann muid faoi dhaoine á athdhíol. Tá margadh ann do dhaoine a fhaigheann é, agus a théann amach ansin agus a dhíolann é lena gcomharsana. Is fadhb mhór í.’
Creideann eolaithe anois go leathnaíonn buntáistí an druga i bhfad níos faide ná meáchain caillteanas, mar tá trialacha ar siúl maidir le tinnis cosúil le Parkinson agus galar duáin (kidney).
Dúirt an saineolaí ar mhurtall (obesity), an tOllamh Donal O’Shea, áfach, go bhfuil díol mídhleathach an druga ar líne in Éirinn ‘thar a bheith imníoch.
Dúirt sé go bhfuil daoine i mbaol a sláinte trí é a ghlacadh gan maoirseacht leighis chuí.
Tá go leor suíomh gréasáin Éireannacha agus Briotanacha ann freisin a thairgeann Ozempic ar díol.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.