Gardaí ag fiosrú ‘beauty salons’ atá ag díol an druga Ozempic go mídhleathach

Tá clinicí agus salóin ag gearradh €800 in aghaidh na míosa ar othair as instealltaí rialta (regular injection) Ozempic

Tá Gardaí agus na rialtóirí sláinte ag fiosrú díolachán mídhleathach an druga meáchain caillteanas (weight-loss drug) Ozempic, ó shalóin áilleachta (beauty salons) agus clinicí sláinte.

Tá an druga do dhaoine a bhfuil diaibéiteas (diabetes) orthu, ach bíonn daoine atá ag iarraidh meáchan a chailleadh á úsáid.

Tá salóin áilleachta, chomh maith le díoltóirí príobháideacha, ag gearradh suas le €800 in aghaidh na míosa ar an instealladh.

Cheana féin tá fiosrúchán déanta ag clinicí i gCill Dara (Kildare), i dtuaisceart Chill Mhantáin (Wicklow) agus i ndeisceart Bhaile Átha Cliath maidir le díol Ozempic.

Rinneadh cuardach ar salóin áilleachta agus ar dhíoltóirí eile, lena chinntiú gurb iad na daoine is mó a bhfuil gá acu leis an druga a fhaigheann é.

Tá salóin áilleachta, chomh maith le díoltóirí príobháideacha, ag gearradh suas le €800 in aghaidh na míosa ar an instealladh
Tá salóin áilleachta, chomh maith le díoltóirí príobháideacha, ag gearradh suas le €800 in aghaidh na míosa ar an instealladh

Níl sé i gceist go mbeadh Ozempic ar fáil ach faoi oideas (prescription) agus dearadh é ar dtús chun diaibéiteas a chóireáil (treat).

Tá éileamh mór ar Ozempic mar gheall ar a buntáistí i gcaillteanas meáchain.

Tá sé curtha chun cinn freisin ag daoine cáiliúla ag rá go gcabhróinn sé le daoine ag cailliúint meáchain –  agus dá bhrí sin, go minic, ní bhíonn sé ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu.

Dúirt an tOllamh Donal O’Shea, ceannaire cliniciúil an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS)  ar mhurtall(obesity), go bhfuil Ozempic ‘fuadaithe’ (hijacked) ag an tionscal cosmaidí.

Dúirt sé gur chuala sé go pearsanta ó dhaoine a cheannaigh Ozempic ó salóin. Mar sin féin go minic, a dúirt sé, níl an druga oiriúnach le húsáid acu.

Thug sé foláireamh dóibh siúd atá ag lorg Ozempic go mbeadh orthu clárú le haghaidh úsáide fadtéarmach más mian leo go mairfidh na héifeachtaí.

Tá an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (Health Products Regulatory Authority, HPRA), an HSE agus na gardaí ag faire amach d’allmhairiú (importation) Ozempic go hÉirinn.

Mura bhfuil tú ar Ozempic ar feadh do shaol ar fad, ní bheidh sé ag obair duit
Mura bhfuil tú ar Ozempic ar feadh do shaol ar fad, ní bheidh sé ag obair duit

Mar sin féin, tá an t-éileamh chomh mór sin go bhfuil cógais á n-úsáid ag daoine aonair gan oideas.

Dúirt an tOllamh O’Shea: ‘Insíonn go leor daoine dom go bhfuil go leor dá gcairde air agus mura bhfuil sé acu, tá siad ag iarraidh é a fháil.

‘Ach mura bhfuil tú ar Ozempic ar feadh do shaol ar fad, ní bheidh sé ag obair duit.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram