Beidh ort a bheith 21 bliain d’aois chun toitíní a cheannach

17/05/2024

Dianteannadh (clampdown) an Rialtais ar chaitheamh toitíní mar gheall ar an méadú ar fhadhbanna sláinte do dhaoine óga

Tá cosc eile ar chaitheamh toitíní á phleanáil, chun na rioscaí sláinte do dhaoine óga a sheachaint, tríd an aois dhlíthiúil chun tobac a cheannach a ardú go dtí 21 bliain d’aois.

Lorgóidh an tAire Sláinte Stephen Donnelly aontas na Comh-Aireachta (Cabinet) an tseachtain seo do reachtaíocht (legislation) chun an aois íosta dlíthiúil chun táirgí tobac a cheannach a ardú ó 18 go 21.

Deir an Roinn Sláinte nach bhfuil an ráta in úsáid tobac ag dul síos le blianta beaga anuas.

Cosc ar chaitheamh toitíní eile á phleanáil ag Stephen Donnelly
Cosc eile ar chaitheamh toitíní á phleanáil ag Stephen Donnelly

Dúirt siad go bhfuil 18% de dhaoine fásta na hÉireann ag caitheamh tobac faoi láthair.

Táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú suntasach ar chaitheamh tobac mar thoradh ar ardú na haoise íosta dleathach.

Léiríonn sonraí go bhfuil ardriosca ag daoine idir 18 agus 21 bliain d’aois tosú ar chaitheamh tobac.

Tá súil ag an Roinn freisin go gcuirfidh an t-ardú aoise teorainn le foinsí sóisialta dár leanaí agus do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois teacht ar toitíní, mar is lú an seans go mbeidh siad i ngrúpaí sóisialta le daoine ar féidir leo toitíní a cheannach go dleathach.

Tá thart ar 4,500 bás in aghaidh na bliana anseo mar gheall ar chaitheamh tobac agus nochtadh do chaitheamh fulangach (second-hand smoking).

De réir taighde leighis: ‘Is cúis le raon ollmhór breoiteachta agus míchumais iad caitheamh tobac agus nochtadh do chaitheamh fulangach (second-hand smoking) lena n-áirítear 16 chineál ailsí (cancers).

I bpobalbhreith i mí na Samhna 2021, d’aimsigh Foras Croí na hÉireann (Irish Heart Foundation) go raibh 73% de na daoine fásta go léir agus 71% díobh siúd idir 18 agus 24 bliain d’aois ag tacú leis an aois dhlíthiúil chun tobac a cheannach a ardú go 21.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram