Tá rabhadh tugtha d’iarrthóirí toghcháin réamhchúraimí slándála (security precautions) breise a ghlacadh mar gheall ar ionsaithe le déanaí, dar leis an Irish Examiner.
Rinne beirt fhear ionsaí go foréigneach ar an Chomhairleoir Tania Doyle agus a fear céile; agus na fir á gceistiú faoi inimirce.
Briseadh spéaclaí a fir chéile isteach ina aghaidh, ag fágáil gearradh (gash), agus d’fhulaing sé scríobacha (abrasions) agus gearrthacha ar a chosa agus ar a lámha tar éis an ionsaithe.
Anois tá sé deimhnithe ag an Aire Comhionannais Roderic O’Gorman go bhfuil comhairle shonrach slándála agus sábháilteachta tugtha ag an gComhaontas Glas dá iarrthóirí (candidates) mar gheall ar na hionsaithe.
Chuir lucht agóide na heite deise imeaglú (intimidation) ar an Aire O’Gorman ina theach féin le déanaí.
Tá ceardlanna agus comhairle eisithe ag Fianna Fáil agus Fine Gael ar bhearta sábháilteachta freisin.
Dúirt an Comhairleoir Tania Doyle go raibh siad ag críochnú thart ar 1.15am nuair a tháinig beirt fhear chucu.
Bhí fear amháin á scannánú agus ag éileamh uathu go láidir a ndearcadh i leith na n-inimirceach.
Dúirt sí go raibh iallach ar a fear céile seasamh eatarthu, agus ag an am sin thosaigh an fear ag tabhairt buille ar an lánúin.
Dúirt an comhairleoir do cheantar Bhaile Átha Cliath Fhine Gall go bhfuil fiosrúchán ar bun ag an nGarda i ndiaidh an ionsaithe in aice lena teach cónaithe i gceantar Ongar in iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Céadaoin seo caite.
Dúirt an Comhairleoir Doyle gur bhuail an t-ionsaitheoir í freisin nuair a rinne sí iarracht a fear céile a chosaint.
Dúirt sí: ‘Bhí mé ag screadaíl, ag pléadáil leis stopadh.’
Toghadh an comhairleoir Neamhspleách don chéad uair in 2019 agus dúirt sí, cé gur fhulaing sí mí-úsáid ar líne cheana féin, nár díríodh riamh uirthi go pearsanta as a bheith ina polaiteoir.
Dúirt sí go raibh a fear céile ‘briste brúite’ seachtain ina dhiaidh an t-ionsaí.
Mhair an eachtra thart ar 15 nóiméad agus dúirt sí: ‘Bhí faitíos orainn roimh ár saol.’
Dúirt sí: ‘Chuir sé seo crith orm. Tá mé ag titim as a chéile le seachtain anuas. Níor tháinig mé trasna air seo riamh roimhe seo.
‘Tá cónaí orm timpeall an chúinne. Ní bheadh aon eagla orm riamh a bheith amuigh faoin aer sa phobal a bhfuilim ag déanamh ionadaíochta dó.’
Dhírigh agóidí ar thithe an Taoisigh Simon Harris agus an Aire O’Gorman le seachtainí beaga anuas.
Aslonnaíodh (evacuated) teaghlach óg an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee as a dteach go déanach san oíche le seachtainí beaga anuas tar éis bagairt buama.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.