Tuairimí tráchtaire RTÉ Seán Cavanagh faoi GAAGO ‘craiceáilte’, a deir ceannaire CLG Jarlath Burns

13/05/2024

Deir uachtarán CLG go bhfuil an ceart acu brabúis a dhéanamh mar go bhfuil an t-airgead chun cabhrú leis na foirne clubanna agus contae

Cháin Uachtarán CLG, Jarlath Burns, an tráchtaire ar RTÉ, Seán Cavanagh, as an dearcadh a bhí aige faoi GAAGO ar The Saturday Game ar RTÉ.

Léiríodh an cluiche iománaíochta le Corcaigh in aghaidh Luimneach, ar an Satharn, ar GAAGO agus ní ar an teilifís.

Agus tá an CLG freisin ag dul i ngleic leis an gcáineadh faoi chluichí móra, agus go háirithe cluichí móra iomána, a chur ar GAAGO.

 Uachtarán CLG Jarlath Burns
Uachtarán CLG Jarlath Burns

Dúirt Seán Cavanagh: ‘Dom féin, tá amhras orm go bhfuil CLG ag úsáid GAAGO mar fheithicil chun breis ioncaim agus breis brabúis a uasmhéadú.

‘Tá sé sin mícheart, tá brabús á dhéanamh acu as gnáthdhaoine CLG.

‘Is 50/50 atá i gceist leis an airgead: 50% do RTÉ agus 50% do CLG – tá an CLG ag baint brabús as an bhfeithicil seo, tá sé á úsáid mar fhóirdheontas (subsidy).’

Ach ba é an fáth is mó ar cháin Burns Cavanagh ná an méid a dúirt sé ina dhiaidh sin.

Dúirt Cavanagh: ‘Tá CLG ar cheann de na heagraíochtaí is saibhre ar domhan. Ba chóir go mbeadh siad ag rá le haghaidh na gcluichí móra “taispeánfaimid do gach duine iad, gheobhaidh muid bealach lena dhéanamh”.’

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió 1 Dé Luain, áfach, bhí Jarlath Burns i ngleic leis na tuairimí sin.

Dúirt Burns: ‘Is trácht ró-mhothúchánach é sin nach gcuireann san áireamh castachtaí (complexities) na loighistice (logistics) a gcaithfimid déileáil leo sa saol fíor.

‘Dúirt Seán Cavanagh, oíche Shathairn, beo  ar an teilifís, agus é ina chuntasóir (accountant) ag cleachtas cuntasaíochta, go bhfuil CLG ar cheann de na heagraíochtaí is saibhre ar domhan.

‘Tá €140 milliún de láimhdeachas (turnover) againn, agus tugaimid 83% de sin ar ais dár mbaill, dár gcontaetha agus dár gclubanna féin.

Seán Cavanagh
Seán Cavanagh

‘Agus duine éigin ag déanamh trácht mar sin, beo ar The Saturday Game, ag cur san áireamh an gnó ina bhfuil sé féin, tá sé craiceáilte.

‘Is é seo an t-aon áit ar féidir linn airgead a fháil, sé sin ár gcluichí a dhíol. Is cuid an-bheag de sin é GAAGO.

‘Ní dhéanfaidh mé aon leithscéal a ghabháil as a rá go bhfuil mé ag iarraidh go mbeadh GAAGO ina mhór-ghineadóir ioncaim (revenue generator) dár gCumann, mar tá an t-airgead sin ag teastáil uainn chun ár n-áiseanna (facilities) a uasghrádú (upgrade).

‘Chun GAAGO a dhéanamh inmharthana (viable) ní féidir linn na cluichí imeallacha (peripheral) a thaispeáint.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram