Victoria Mary Clarke ‘buíoch’ tar éis raidhfil (rifle) 1916 Shane MacGowan a aimsiú

13/05/2024

Bhí faitíos ar Victoria gur goideadh raidhfil Shane nuair nach bhféadfaí é a fháil ach bhí lúcháir uirthi nuair a tugadh ar ais é

Chuir baintreach Shane MacGowan, Victoria Mary Clarke, faoiseamh (relief) in iúl di tar éis gur aimsíodh raidhfil a fir chéile nach maireann a úsáideadh in Éirí Amach 1916.

Ag caint ar X, dúirt Victoria Mary: ‘Níl uaim ach a rá go bhfuarthas raidhfil Shane agus táim chomh buíoch de gach duine a chabhraigh liom.’

Dúirt sí: ‘D’iarr Shane ar a chara Joey aire a thabhairt dó cúpla bliain ó shin ar eagla go gcuirfeadh sé eagla orm é a bheith sa teach!’

Thug sí le fios ansin go raibh Joey ag tabhairt aire don raidhfil.

Shane MacGowan
Shane MacGowan

Dúirt Victoria Mary, a bhí le taobh Shane nuair a fuair sé bás i mí na Samhna seo caite, gur raidhfil ‘suntasach stairiúil’ é a úsáideadh in Éirí Amach na Cásca 1916.

Bronntanas do Shane ón gceoltóir Glen Hansard a bhí sa raidhfil.

Cé gur i Sasana a rugadh é, ba Éireannaigh iad tuismitheoirí Shane –  Maurice ó Bhaile Átha Cliath agus Therese ó Bhéal Átha Gabhann i dTiobraid Árann – agus dúirt sé gur Poblachtach Gaelach é féin.

Chuir Victoria Mary grianghraf de Shane leis an arm ar X roimhe seo.

Creidtear go raibh raidhfil Shane ar cheann díobh sin a úsáideadh san Ard-Oifig an Phoist (GPO) áit a raibh ceanncheathrú bunaithe ag na hÓglaigh agus inar léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Cásca.

Bhásaigh Shane in aois a 65 ar an 30 Samhain seo caite, sa bhaile i mBaile Átha Cliath, tar éis seal fada san ospidéal. Bhí sé tinn le tamall.

Dúirt sé gur Poblachtánach é féin a chreid in Éirinn aontaithe. Chaith an t-údar Richard Balls uaireanta ag cur agallamh air dá bheathaisnéis údaraithe, A Furious Devotion, agus dúirt sé go raibh Na Trioblóidí ‘ag cur imní ar a intinn ó bhí sé ina óige’.

Scríobh Balls: ‘Tá eolas aige ar stair na hÉireann agus is Poblachtánach daingean é a áiríonn iar-uachtarán Shinn Féin Gerry Adams mar dhlúthchara.’

Go deimhin, ba mhinic iar-uachtarán Shinn Féin ag seoladh litreacha chuige thar na blianta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram