BhíCreidim Ionad ar siúl, le Foras na Gaeilge, chun daoine a spreagadh le cúpla focal a labhairt … nó níos fearr fós, iad a chanadh i gcór.
Ceann de na heachtraí is iontach a tharla i rith Creidim Ionat, ná an dul chun cinn a rinne dhá chor le chéile.
Tháinig As Béal A Chéile, cór lán-Ghaeilge as deisceart Bhaile Átha Cliath le chéile leis an Ukrainian Action Choir, cór do theifigh as an Úcráin atá ag cur fúthu in Éirinn.
Bhí As Béal A Chéile ag obair leis an Ukrainian Action Choir chun an t-amhrán clúiteach, ‘Óró Sé do Bheatha ‘Bhaile’ a thaifeadadh leo.
Agus rinne siad é.
Is í an Dr Máire Nuinseann, Stiúrthóir Ceoil leis an gcór As Béal a Chéile, agus Oleksandra Pishcheiko,an Stiúrthóir Ceoil ag an Ukrainian Action Choir a bhí i gceannas ar an teacht le chéile i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Dr Nuinseann: ‘Thosaíomar ceithre sheachtain ó shin agus tá mé an-sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an dá cóir.
‘Bhí cuid den cheol casta go leor so bhí páirteanna le foghlaim.
‘Agus chomh maith leis sin, bhí orainn obair a dhéanamh ar an nGaeilge agus bhí sé sin iontach suimiúil.
‘Bhí sé deacair do na hÚcránaigh ach bhí siadsan dochreidte. Just, d’fhoghlaim siad na focail.
Dúirt Oleksandra go raibh sé deacair go leor an Ghaeilge a fhoghlaim ach dúirt sí: ‘It was really important for us to pronounce it well.
‘We were nervous about the music, about the people and about the Irish of course.
But we did it. Everyone was really excited and it was really important for us.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.