Seo an aimsir do dheireadh seachtaine saoire bainc ó Met Éireann

02/05/2024

Beidh báisteach agus ceo ann, i measc tréimhsí gréine, chun giúmar deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine a mhilleadh, a deir Met Éireann

Tá rabhadh á thabhairt ag Met Éireann don phobal scáth fearthainne a bheith acu in aice láimhe, thar deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine.

Tá an chuma ar an scéal go laghdóidh an bháisteach giúmar na saoire.

An rud ab fhearr a d’fhéadfadh Met Éireann a rá ná go mbeidh Dé hAoine ‘is tirime ar maidin’, sular rolladh na scamaill dhorcha isteach.

Beidh sé scamallach den chuid is mó ar dtús Dé hAoine agus ansin beidh báisteach nó ceobhrán (drizzle) ann, a deir Met Éireann
Beidh sé scamallach den chuid is mó ar dtús Dé hAoine agus ansin beidh báisteach nó ceobhrán (drizzle) ann, a deir Met Éireann

Beidh sé scamallach den chuid is mó ar dtús Dé hAoine agus ansin beidh báisteach nó ceobhrán (drizzle) ann.

Beidh sé níos tirime ar maidin sa leath thuaidh den tír le tréimhsí gréine, roimh bháisteach agus ceo ó thuaidh.

‘Is féidir a bheith ag súil le teochtaí is airde de 12 go 17 céim go ginearálta, agus beidh sé níos teo i gCúige Uladh, le gaotha éadroma,’ a dúirt Met Éireann.

Agus le linn oíche hAoine beidh ráigeanna báistí ag bogadh ó thuaidh le haimsir níos tirime sa deisceart ar dtús.

‘Beidh sé is fuaire sa deisceart agus san iardheisceart agus beidh na teochtaí is ísle ann idir 3 agus 6 chéim,’ a dúirt Met Éireann.

‘Beidh sé níos séimhe (milder) in áiteanna eile agus ní thitfidh an teocht faoi bhun 6 go 10 gcéim. Bí ag súil le gaotha éadroma,’ a deir Met Éireann.

Táthar ag súil go dtosóidh an Satharn ‘tirim le tréimhsí gréine agus an aimsir níos scamallaí le báisteach agus ceobhrán thar Chúige Uladh.

‘Mar sin féin, beidh tréimhse eile báistí ag brú isteach ó dheas ar maidin, ag síneadh de réir a chéile ó thuaidh ar fud na tíre i rith an lae.

Beidh na teochtaí is airde idir 12 agus 17 céim, agus beidh sé fós is teo i gCúige Uladh, le gaoth measartha.’

Faoi láthair tá ‘roinnt mhaith éiginnteachta’ fós ann maidir le haimsir an Domhnaigh, a dúirt Met Éireann.

Ach deir siad go bhfuil an chuma ar an scéal go mbeidh an Domhnach scamallach den chuid is mó le ceathanna  nó tréimhsí báistí níos faide ag amanna agus na teochtaí is airde de 13C go 16C.

Mar an gcéanna, is dócha go mbeidh Luan Saoire Bainc ina lá le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe, ag maolú i rith an lae agus na teochtaí is airde de 15C go 18C.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram