Tá gearrthóg (clip) roinnte ag TG4 le Conan O’Brien ar Ros na Rún. Glacann an láithreoir seó cainte Meiriceánach ról ‘fear seachadta (delivery man)’ sa tsraith dhrámaíochta Gaeilge.
Agus le linn dó a bheith i láthair buailfidh sé leis an tábhairneoir clúiteach Tadhg Ó Direáin.
Cé go bhfuil clú agus cáil ar Tadhg mar fhear atá in ann pé rud atá uaidh a fháil lena chuid caint, cuirfidh Conan iontas air.
‘Tá rógaire agus tábhairneoir sráidbhaile Ros na Rún, Tadhg Ó Direáin ag tabhairt aghaidh ar fhear seachadta éirimiúil nach nglacann le hamaidí ar bith,’ a dúirt lucht TG4.
Roinn an stáisiún Gaeilge físeán freisin de Conan ag cleachtadh dá chéad ról aisteoireachta le Gaeilge.
Tá Conan, a bhí roimhe seo ina scríbhneoir scripte do The Simpsons agus Saturday Night Live, le feiceáil ag streachailt leis an Ghaeilge.
Is é Macdara Ó Fátharta, fear céile Anne Doyle, atá i ról Tadhg agus tar éis dó cuidiú le Conan lena chuid Gaeilge, cloistear Macdara ag rá: ‘I was slow coming in.’
Ach d’fhreagair Conan: ‘You’re never the problem here. I think we know what the problem is. Gee, I wonder what’s wrong with this scene.’
Níos déanaí deir sé: ‘We’re probably going to get an Oscar for this.’
I ngearrthóg eile, a eisíodh an tseachtain seo caite, tháinig Conan isteach sa teach tábhairne le balúin agus é ag fógairt go bródúil ‘Dia Dhuit.’
Rinneadh na radhairc i mí Eanáir, le linn thuras Conan go hÉirinn dá shraith nua HBO Max, Conan Must Go, agus bhí sé thar a bheith sásta a bheith i Ros na Rún.
‘Buaicphointe aoibhinn de mo thuras go hÉirinn é dul ag obair le foireann Ros na Rún, agus gabhaim mo leithscéal roimh ré as búistéireacht a dhéanamh ar mo Mháthairtheanga,’ a dúirt sé.
Dóibh siúd atá ag iarraidh a fheiceáil conas mar a éiríonn le Conan, beidh Ros na Rún ar siúl Dé Máirt ag 8.30pm ar TG4.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.