Tá go leor aicsean CLG ar siúl an deireadh seachtaine seo agus go leor de na cluichí móra á dtaispeáint ar BBC, RTÉ agus GAAGO. Féach ar an liosta thíos do na cluichí ar fad atá ar siúl ar an deireadh seachtaine seo.
Go híorónta, níl ceann de na cluichí is suimiúla sa CLG, dúinne a bhfuil súil againn ar pheileadóir na todhchaí, ar aon cheann de na cainéil sin is.
Beidh sé ar TG4. Agus ní bheidh sé ar siúl thar ar an deireadh seachtaine fiú – beidh sé siúl ar an Luan.
Ach níos mó faoi sin i nóiméid.
Bhuaigh foireann sinsir Chiarraí in aghaidh peileadóirí Chorcaí an deireadh seachtaine seo caite – ach níor spreag a gcuid iarrachtaí éinne.
Go deimhin, is faoi fhoirne Uladh atá an chaint ar fad anois sa pheil.
Agus muid ag dul i dtaithí ar Dhoire a bheith ar an bhfoireann eile ar bharr, le Baile Áth Cliath, thug Jim McGuinness Dún na nGall ar ais i bhfócas lena mbua in aghaidh Dhoire.
Chuirfeadh tuairiscí faoin an choimhlint idir Mickey Harte agus Jim McGuinness na babhtaí móra dornálaíochta idir Muhammad Ali agus Joe Frazier i gcuimhne duit.
Agus cé go bhféadfadh bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor a bheith buartha faoina bheith ag brath an iomarca ar na Cliffords agus Seánie O’Shea, tá Dessie Farrell ó Bhaile Átha Cliath sásta lena imreoirí nua agus é ag fáiltiú roimh chúpla laoch ar ais freisin – ach b’fhearr do gan a bheith ró-smuga.
Sin mar gheall ar an mbua ollmhór a bhí ag na leaids ar fhoireann Faoi 20 Lú in aghaidh Bhaile Átha Cliath, a chiallaíonn go bhfuil siad isteach i gcluiche ceannais Laighean i gcoinne áird-iomaitheoirí Bhaile Átha Cliath i Laighin, An Mhí.
Agus níos measa fós do na Dubs, imreofar an cluiche sin ar thalamh beannaithe Bhaile Átha Cliath (Ní, ní hea sin Croker, ach Páirc Pharnell) – agus beidh sé ar siúl Dé Luain ag 7.30pm ar TG4.
Ar ndóigh, beidh muid ar fad ag leanúint ár bhfoirne CLG féin ach is ar an Domhnach a bheidh na cluichí móra thar an deireadh seachtaine agus, seachas cluiche peile idir Dún na nGall agus Tír Eoghain ag Celtic Park ag 2pm, atá ar BBC, beidh na cluichí móra san iománaíocht.
Beidh Gaillimh ag imirt in aghaidh Chill Chainnigh i Staid an Phiarsaigh ar 2pm, sin ar RTÉ; beidh Corcaigh i gcoinne an Chláir i bPáirc Uí Chaoimh freisin ag 2pm ar GAAGO; agus beidh Luimneach in aghaidh Thiobraid Árann ag 4pm, agus sin RTÉ freisin.
CLG Dé Sathairn
Cluiche leathcheannais peile sinsir Uladh
An Dún v Ard Mhacha, 5.15pm – GAAGO
Iománaíocht Sinsearach Laighean
Ceatharlach v Áth Cliath, 6pm
Aontroim v Loch Garman, 3pm – GAAGO
Corn Joe McDonagh
Uíbh Fhailí v An Iarmhí, 3pm
An Mhí v Laois, 3pm
Corn Christy Ring
Sligeach v Tír Eoghain, 3pm
Londain v Cill Mhantáin, 1 pm
Cill Dara v Doire, 1 pm
Corn Nickey Rackard
Dún na nGall v Muineachán, 3pm
Lú v Maigh Eo, 1pm
Corn Lory Meagher
Lancashire v An Cabhán, 2pm
An Longfort v Liatroim, 1pm
Cluiche ceannais Chorn Philly McGuinness Peile Faoi 20 Chonnacht
Liatroim v Maigh Eo, 4i.n
Peil Mionúir Uladh
An Dún v Dún na nGall, , 12pm
Tír Eoghain v Muineachán, 12pm
Iománaíocht Mionúir Laighean
Áth Cliath v Gaillimh, 2pm
Loch Garman v Cill Chainnigh, 1pm
Iománaíocht Mionúir Laighean
Uíbh Fhailí v An Iarmhí, 5.30pm
Cill Dara v Ciarraí, 3.30pm
An Mhí v Aontroim, 2pm
Laoise v Ceatharlach, 2pm
CLG Dé Domhnaigh
Cluiche leathcheannais peile sinsir Laighean
Áth Cliath v Uíbh Fhailí, 4pm – GAAGO
Cill Dara v Lú, 1.45pm – GAAGO
Cluiche leathcheannais peile sinsir Uladh
Dún na nGall v Tír Eoghain, 2pm – BBC
Iománaíocht Sinsearacha Laighean
Gaillimh v Cill Chainnigh, 2pm – RTÉ
Iománaíocht Sinsearacha na Mumhan
Luimneach v Tiobraid Árann, 4pm – RTE
Corcaigh v An Clár, 2pm – GAAGO
Corn Joe McDonagh
Ciarraí v An Dún, 1pm
Nickey Rackard Corn bhabhta 3
Ard Mhacha v Ros Comáin, 2pm
Corn Lory Meagher
Warwickshire v Fear Manach, Birmingham, 1pm
Iománaíocht Laighean Faoi 20 KO
An Iarmhí v Áth Cliath, TEG Páirc an Chúsaigh, 12.30pm
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.