Nuair a bheidh Simon Harris ceaptha ina Thaoiseach inniu (Dé Máirt) íocfar €5,000 níos mó leis ná mar a fuair Leo Varadkar as an jab céanna a dhéanamh.
Sin mar gheall ar arduithe pá nua do pholaiteoirí, a foilsíodh go ciúin ar shuíomh Gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Department of Public Expenditure and Reform) Dé hAoine.
Faoi na harduithe pá nua, méadaítear tuarastal an Taoisigh faoi €5,261 ó €233,828 go €239,089 agus déanfar é seo a shiardhátú (backdate) go dtí Eanáir.
Agus mar thoradh ar na harduithe nua pá de 2.4% méadófar tuarastal an Tánaiste Micheál Martin faoi €4,853 go €220,540, agus gheobhaidh airí sinsearacha ardú tuarastail de €4,457 go €202,546.
Ardóidh pá na nAirí Stáit faoi €3,861 go €169,222, agus ardóidh pá bliantúil na dTeachtaí Dála de €2,452 go €111,439.
Nuair a tháinig an Rialtas reatha i gcumhacht, áfach, socraíodh go dtabharfadh na hAirí Comh-Aireachta 10% dá dtuarastal ar ais don Stát. I gcás an Taoisigh, is ionann é sin agus díreach faoi bhun €24,000.
Tabharfaidh an Tánaiste tuairim is €22,000 ar ais, agus tabharfaidh na hairí sinsearacha eile tuairim is €20,000 an duine ar ais.
Mar sin féin, fiú nuair a fhágann siad a gcuid oibre mar pholaiteoirí, faigheann siad íocaíochtaí ollmhóra.
Tabharfar íocaíochtaí móra do roinnt Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael atá ag éirí as an Dáil sa chéad olltoghchán eile – ach nach bhfuil aois scoir bainte amach acu.
Tá na híocaíochtaí ollmhóra a thugtar do Theachtaí Dála ag imeacht i gcodarsnacht (contrast) leis na socruithe pinsin do ghnáthoibrithe.
Faoi láthair, tá an gnáthoibrí nach bhfuil pinsean príobháideach acu, i dteideal íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin de €277.30 nuair a shroicheann sé 66 bliana d’aois.
I gcodarsnacht le sin d’éirigh Eoghan Murphy as mar Aire Tithíochta trí bliana ó shin agus as an Dáil, agus ag aois 41, tar éis 10 mbliana mar TD, is é a phota pinsin measta ná €506,000.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.