Toghfar Simon Harris ina Thaoiseach inniu (Dé Máirt) agus ainmneoidh sé a chuid airí nua thart ar 5pm – agus tá an tuairimíocht socraithe síos faoi na hathruithe atá le teacht.
Is dócha gurb í an cheist a bheidh á cur ag go leor Gaeilgeoirí ná, an mbeidh Aire nua na Gaeltachta agus na Gaeilge againn, agus an mbeidh siad in ann Gaeilge a labhairt?
Tá foinsí ag rá anois gur dócha nach dtarlóidh na hathruithe móra a rabhthas ag súil leo. Mar sin féin b’fhéidir go mbeidh dea-scéal ann don Aire Sóisearach Gaeltachta agus don Ghaeilge, Patrick O’Donovan, mar gheall ar chúiseanna tíreolaíochta.
Tar éis Ard-Fheis Fhine Gael ag an deireadh seachtaine tá baill an pháirtí ag súil le brú ón gceannaireacht chun a mball Mairéad McGuinness a choinneáil mar Choimisinéir AE.
Thug sí óráid thábhachtach ag an Ard Fheis agus dúirt sí gur mhaith léi fanacht ann – ach tá sé ráite cheana féin ag an Tánaiste Micheál Martin gur post de chuid Fhianna Fáil a bheidh ann an chéad uair eile.
Táthar ag súil freisin go n-éireoidh go maith leis an Aire Sóisearach Jennifer Carroll MacNeill agus go bhfaighidh sí post Hildegarde Naughton mar Phríomh-Aoire (Chief Whip) an Rialtais.
Le sin ceaptar go mbeidh post sinsearach ag dul go Naughton ach mura bhfuil, d’fhágfadh sin an Chomh-aireacht gan aire shinsearach siar ón tSionainn (west of the Shannon), agus thabharfadh sé sin treisiú ollmhór do phríomh-iomaitheoirí Fhine Gael faoi láthair, na Teachtaí Dála Neamhspleácha a dhéanann ionadaíocht ar phobail tuaithe (rural independents).
Mar sin deir foinsí go dtabharfaí ardú céime don Chomh-aireacht don Aire Sóisearach O’Donovan as Luimneach.
Dúirt foinsí atá gar do cheannaire nua Fhine Gael freisin gur dócha go gcoinneoidh sé Helen McEntee sa Chomh-aireacht mar Aire Dlí agus Cirt, go príomha toisc nach féidir leis duine éigin eile a chur isteach sa phost tábhachtach sin go gairid roimh olltoghchán.
Táthar ag súil freisin go gcoinneoidh Paschal Donohoe a phost mar tá sé ina uachtarán ar an ‘Eurogroup’.
Dúirt foinse atá gar do cheannaireacht Fhine Gael: ‘Ní bhogfaimid aire atá ina uachtarán ar an ‘Eurogroup’.
‘Níl an áit ar an Eurogroup inaistrithe (transferrable). Beidh Paschal ag fanacht mar Aire Caiteachas Poiblí.
Ag an am céanna bhí foinsí ag rá go mbeadh an tAire Cosanta Sóisialta (Social Protection) Heather Humphreys ag dul chuig Dlí agus Cirt (Justice) ach anois táthar ag súil go bhfanfaidh sí san áit a bhfuil sí.
Mar sin tá dhá phost ag Harris sa Chomh-aireacht – a phost féin mar Aire Ardoideachais agus post Simon Coveney mar Aire Fiontair (Enterprise), agus tá post amháin mar aire sóisearach mar dúirt Josepha Madigan go bhfuil sí ag éirí as an Dáil.
Dúirt foinsí gur dócha go rachaidh an phost mar Aire Fiontar chuig Aire Sóisearach na hEorpa, Peter Burke. Mar sin rachaidh an tArdoideachas Naughton nó O’Donovan.
Níl ach triúr Teachta Dáil ó Fhine Gael ag seasamh i gCúige Mumhan (Munster) sa chéad olltoghchán eile; O’Donovan (Contae Luimnigh), Kieran O’Donnell (Cathair Luimnigh) agus Colm Burke (Corcaigh Thuaidh Láir).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.