Von der Leyen faoi bhrú Éireannach faoi ‘chinedhíothú (genocide)’ Iosrael i nGaza

Chualathas i gcainteanna go dteastaíonn trádbhac (embargo) arm agus brú ar Iosrael ó thíortha Eorpacha

Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen tagtha faoi bhrú Éireannach faoina seasamh ar ionsaí Iosrael ar Gaza, de réir tuairisce ó RTÉ.

Labhair an Feisire de Pharlaimint na hEorpa, de chuid Fhianna Fáil, Barry Andrews faoi ‘’double standards’ sa chaoi a gcaitheann ceannairí áirithe leis an Úcráin agus Gaza.

Barry Andrews ag caint faoi Iosrael
Barry Andrews ag caint faoi Iosrael

Dúirt sé: ‘Tá Coimisiún an AE agus Ursula von der Leyen ag fanacht ina dtost maidir le cás cinedhíothú (genocide) na hAfraice Theas i gcoinne Iosrael ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice, ICJ), in ainneoin tacaíocht a thabhairt don Úcráin ina himeachtaí os comhair na cúirte céanna i 2022.’

Dúirt sé: ‘Ní mór seasamh leis an dlí idirnáisiúnta i ngach cás.’

Bhí Andrews ina chomhóstach ar phlé dlí sa Bhruiséil faoi chás na hAfraice Theas i gcoinne Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (ICJ).

Tá dhá ordú eatramhacha eisithe ag an gcúirt d’Iosrael chun gníomhartha cinedhíothaithe i nGaza a chosc agus chun soláthar bia, uisce agus soláthairtí leighis (medical supplies) a chinntiú.

Séanann Iosrael go bhfuil sé ag déanamh cinedhíothú agus d’fhéadfadh sé a bheith blianta sula dtiocfaidh an cás ar bhreithiúnas deiridh.

Ag an bplé painéil, a raibh Andrews ina chomhchathaoirleach air, d’fhiafraigh leas-cheannaire Mhisean Stáit na Palaistíne don AE (Mission of the State of Palestine to the EU), Adel Atieh, an raibh Iosrael ag baint úsáide as uirlisí an AE chun a ionsaithe míleata a dhéanamh, agus an raibh aon oibleagáid ar an AE. cinedhíothú a chosc.

Dúirt Dill Janiana, ollamh le Global Security agus comhstiúrthóir ar Institiúid Eitice, Dlí agus Coimhlinte Armtha in Oxford, go raibh fíorbheagán déanta ag an AE.

Dúirt sé go bhfuil bearta ann atá éifeachtach, dlíthiúil agus eiticiúil chun srian a chur ar iompar Iosrael i nGaza nár glacadh.

Spreag sé polaiteoirí machnamh a dhéanamh ar trádbhac arm agus tarraingt siar ó thacaíocht taidhleoireachta (diplomatic) agus airgeadais d’Iosrael.

Dúirt Andrews go raibh saincheist  faoi ‘double standards) ón AE, maidir le conas a d’fhreagair siad don Úcráin i gcomparáid le Gaza, ‘léirithe go maith’.

Dúirt sé: ‘Déanfaidh Éire idirghabháil i gcás cinedhíothú na hAfraice Theas v Iosrael.

‘Cathain a ghlacfaidh stáit eile an AE páirt?’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram