Coimhlint idir FF agus FG maidir le cé a bheidh mar an chéad Choimisinéir Eorpach eile

28/03/2024

Tá ionadaí Fhine Gael Mairéad McGuinness ag iarraidh an dara téarma mar choimisinéir ach deir Micheál Martin gur post d’Fhianna Fáil anois é

Níl Simon Harris ina Thaoiseach go fóill ach tá an dara fadhb aige anois le Fianna Fáil – cé a bheidh mar an chéad Choimisinéir Eorpach eile?

Cháin airí Fhianna Fáil Fine Gael, agus iad ag glaoch an ‘páirtí sóisearach’ sa Rialtas orthu, tar éis do Harris labhairt faoi athruithe a dhéanamh ar pholasaí an Rialtais ar an bhfuathchaint (hate speech) agus inimirce (immigration), ar a chéad lá mar cheannaire ar Fhine Gael.

Ursula von der Leyen
Ursula von der Leyen

Agus beidh sé ag bualadh le Coimisinéir an AE Mairéad McGuinness anois chun deireadh a téarma a phlé.

Ceapadh í mar ionadaí de chuid Fhine Gael agus tá Fianna Fáil ag rá gur leo féin an post anois faoin gcomhaontú comhrialtais, ach shéan Fine Gael go bhfuil comhaontú scríofa ann.

Tá sé ráite ag McGuinness an tseachtain seo freisin go bhfuil sí ag iarraidh fanacht ina hionad mar Choimisinéir na Margaí Airgeadais (Financial Markets).

Beidh Ursula von der Leyen, an chéad bhean a bhí mar cheannaire ar Choimisiún an AE, ag lorg dara téarma freisin tar éis thoghchán Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh.

Tá sí cáinte áfach mar gheall ar a tacaíocht láidir d’ionsaithe Iosrael ar na Palaistínigh in Gaza agus tá sé ráite ag daoine ar fud an Aontais Eorpaigh nach bhfuil siad ag iarraidh í mar a n-ionadaí mar gheall air sin.

Ní bheidh a fhios againn, áfach, ach tar éis thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh cé chomh láidir is atá an freasúra in aghaidh von Der Leyen.

D’iarr sí roimhe seo ar gach ceann de na 27 mBallstát ainmní fireann agus baineann a chur chun tosaigh mar choimisinéir, chun cothromaíocht inscne a bhaint amach.

Cé go bhfuil sé ráite ag Leo Varadkar nach bhfuil ‘aon chomhaontú scríofa’ maidir le cén páirtí as a dtiocfaidh an chéad choimisinéir eile, dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur as Fianna Fáil a bheidh sé.

Mar sin féin, shéan sé tuairimíocht go mbeidh sé ina iarrthóir ar an bpáirtí.

Ag labhairt di ar RTÉ Raidió 1, dúirt McGuinness gur mhaith léi téarma eile a chur isteach.

Nuair a fiafraíodh di faoi dhearbhú an Uasail Martin go mbeadh an chéad ainmní eile óna pháirtí, dúirt sí gur cinneadh Rialtais é.

Micheál Martin
Micheál Martin

Dúirt sí: ‘Nuair a labhraím le Simon Harris, táim cinnte go labhróidh muid faoi go leor rudaí, agus b’fhéidir é seo freisin, ach tá sé mar chuid de Rialtas agus caithfidh an Rialtas sin cinntí móra a dhéanamh, lena n-áirítear faoi cé a bheidh ann mar an chéad choimisinéir Éireannach eile i bpost tábhachtach.’

Dúirt McGuinness go bhfuil sí ag súil go mbeidh sí ina post go dtí mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna.

Dúirt an coimisinéir go bhfuil ‘caidreamh thar a bheith maith’ aici le Micheál Martin.

‘Níl aon cheist agam lena thuairim más é sin mar a chuir sé in iúl é. Ach féachaimis mar a fhorbraíonn rudaí, mar ní bhíonn a fhios ag duine, sna neamhchinnteachtaí ar fad, cad a tharlóidh agus ní chaithim mo laethanta ag déanamh imní faoi sin,’ a dúirt sí.

Fuair McGuinness an ról tar éis don Uasal Varadkar iachall a chur ar Phil Hogan éirí as mar Choimisinéir Trádála i 2020, tar éis dó freastal ar dhinnéar Chumann Gailf an Oireachtais le linn na paindéime Covid-19.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram