Athair brónach ag taistil 10,000km abhaile tar éis bhás a mhná céile agus a bheirt chailín

Tagann pobal i Maigh Cuilinn le chéile chun tacú leis an athair a bhí as baile ag obair ar thionscadal daonnúil (humanitarian) san Aetóip

B’éigean d’athair croíbhriste turas cráite 10,000km a dhéanamh abhaile tar éis dá bhean chéile agus beirt pháiste bás a fháil sa timpiste ghluaisteáin i Maigh Eo.

Bhásaigh Una Bowden, a bhí 47 bliain d’aois, agus a hiníonacha Ciara, 14, agus Saoirse, 9, ar an N17 Dé Máirt tar éis don charr a raibh siad ag taisteal ann imbhualadh le leoraí díreach taobh amuigh de Chlár Chlainne Mhuiris (Claremorris), Co. Mhaigh Eo.

Bhí an triúr, atá ina gcónaí i Maigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe, ag taisteal go Dún na nGall chun athair Úna a fheiceáil thar laethanta saoire na Cásca.

Bhí athair an linbh, David Bowden, ag obair i gceantar Tigray san Aetóip áit ar cuireadh in iúl dó faoin scéal uafásach go raibh a bhean agus a chlann marbh.

Athair ag teacht abhaile tar éis bás Una Bowden agus a hiníonacha Ciara, 14, agus Saoirse, 9
Athair ag teacht abhaile tar éis bás Una Bowden agus a hiníonacha Ciara, 14, agus Saoirse, 9

Bhí cónaí ar David agus Una sa tSaimbia (Zambia) ar feadh roinnt blianta sular shocraigh siad ar ais in Éirinn.

Thaistil David ar ais go dtí an Afraic chun obair a dhéanamh ar thionscadal daonnúil san Aetóip.

In ómós aréir, dúirt an cumann cispheile áitiúil Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn: ‘Ba mhór an bhrón dúinn bás tragóideach ár gcomharsana agus ár gcomhghleacaithe Una, Ciara, agus Saoirse Bowden.

‘Bhí siad gníomhach in go leor spóirt inár bpobal.

‘Bhí Ciara roghnaithe d’fhoireann chispheile cailíní Cheantar na Gaillimhe faoi-14.

‘Tá smaointe agus paidreacha gach duine i gCumann Cispheile Mhaigh Cuilinn le muintir, cairde, agus comhghleacaithe mhuintir Bowden.’

D’inis muintir na háite i Maigh Cuilinn aréir faoina mbrón. Ag labhairt dó taobh amuigh de theach tábhairne, An Bodhrán Buí, i Maigh Cuilinn, dúirt Micheál Staunton gur chuala sé scéala faoin timpiste Dé Máirt ach go bhfuair sé amach cé a fuair bás tráthnóna Céadaoin.

‘Chuala mé ar an raidió go raibh bean agus beirt pháistí tar éis bháis agus ceapas, “Ó a Dhia, nach bhfuil níos mó daoine ag fáil bháis ar na bóithre”. Ach bhí sé beagán ar shiúl as seo agus mar sin níor shíl mé go bhféadfadh sé a bheith ag aon duine timpeall anseo –ní hé sin a rá nach bhfuil sé chomh tábhachtach.

‘Ach is turraing uafásach é do gach duine anseo. Tá aithne ag gach duine ar a chéile anseo.

Beirt chailín óga agus a máthair imithe mar sin. Tá sé uafásach.’

Chuaigh an bheirt pháist ar scoil sa cheantar agus bhí ‘an-mheas’ ar an teaghlach.

Rinne fear áitiúil amháin, nach raibh ag iarraidh a bheith ainmnithe, cur síos ar an gcaoi a raibh cairde agus teaghlach ar fad ag teacht le chéile thart ar theaghlach Bowden agus ag déanamh an méid is féidir leo chun turas cráite David abhaile a dhéanamh níos éasca.

Dúirt sé: ‘Tá muid ag déanamh gach rud is féidir linn do David anois. Fiú más rud beag é.

‘Mar a chuir Úna na madraí sna conchróite (kennels) sula ndeachaigh sí chun a hathair a fheiceáil, agus anois nílimid ach ag socrú cá gcuirfimid iad. Bhí grá ag na cailíní ar na madraí sin.’

Dúirt sé go raibh go leor á dhéanamh ionas gur féidir le David díriú ar an mbrón. Bhí rudaí á ndéanamh ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha chomh maith le daoine eile atá lonnaithe san Aetóip chun David a fháil

Simon Harris
Simon Harris

go Addis Ababa [príomhchathair na hAetóipe] agus as sin ar ais go hÉirinn.

Tá imeachtaí atá beartaithe do dheireadh seachtaine Saoire Bainc na Cásca curtha ar ceal ag go leor gnólachtaí i gceantar Mhaigh Cuilinn mar chomhartha measa ar an teaghlach.

Dúirt Simon Harris gur ‘lá thar a bheith dorcha agus tubaisteach a bhí ann do Mhaigh Eo’.

Dúirt sé: ‘Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl. Tá a fhios agam go mbeidh gach duine ag teacht le chéile agus ag tacú le daoine ina mbrón.

‘Ar ndóigh, maidir le saincheisteanna sábháilteachta bóithre níos leithne, is rud é seo ar mhaith liom suim ghníomhach a chur ann. Tuigim go maith go bhfuil i bhfad an iomarca saolta á gcailliúint againn ar ár mbóithre.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram