Deir O’Shea go bhfuil seans fós aige nó an gceapfaidh an FAI Hughton?

16/04/2024

Tar éis don phríomhfheidhmeannach éirí as an FAI téann cuardach ar bhainisteoir ar aghaidh – tar éis cúig mhí 

Athróidh bord an FAI a fhócas go dtí an chéad bhainisteoir eile a aimsiú do Phoblacht na hÉireann, tar éis naisc a ghearradh leis an bpríomhfheidhmeannach Jonathan Hill Dé Luain. 

Tabharfar eolas ar an gcuardach le haghaidh chomharba (successor) Stephen Kenny, atá ag dul ar aghaidh le cúig mhí anois, chuig an mbord níos déanaí an tseachtain seo – ach níltear ag súil go dtosóidh an bainisteoir nua ag obair go dtí an samhradh. 

Deir John O’Shea nach bhfuil sé féin curtha as an áireamh as a bheith ar an gcéad bhainisteoir eile ar Éirinn ach nach bhfuil sé soiléir fós cé a fhostóidh an FAI.

Tá iar-chosantóir na hÉireann Chris Hughton tagtha chun solais arís mar an fear a chreidtear a cheapfaidh an FAI.

Baineadh Hughton as a ról le Gána (Ghana) tar éis feachtais uafásach i gCorn na Náisiún san Afraic (AFCON) i mí Eanáir.

John O’Shea
John O’Shea

Is é Hughton, atá 65 bliain d’aois, iar-cheannasaí Brighton and Newcastle.

D’imir sé d’Éirinn 50 uair, ó thosaigh sé ar an bhfód i 1979 agus chaith sé os cionn 10 mbliana san fhoireann sular bhunaigh sé é féin mar chóitseálaí.

Bhí Hughton ar dhuine de na luath-iomaitheoirí don ról mar bhainisteoir ar Éirinn ach rinneadh dochar dá phost tar éis dó a bheith ag streachailt le Gána.

Tá Príomhoifigeach Oibríochtaí an FAI David Courell ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach eatramhach (interim) sula gcuirtear tús le próiseas foirmiúil earcaíochta. 

Ní hé John O’Shea, a bhí ina bhainisteoir eatramhach ar dhá chluiche chairdiúla an mhí seo caite, rogha an FAI don phost bainistíochta. 

Tá Hill, atá 61 bliain d’aois, ar saoire go dtí go gcríochnaíonn sé go foirmiúil ar 30 Aibreán. 

Tá a chuid oibre críochnaithe aige cheana féin ag ceanncheathrú an FAI i mBaile an Aba (Abbotstown) agus tá sé ag dul abhaile go Londain. 

Ceapadh Hill ar 1 Samhain, 2020, chun teacht i ndiaidh an príomhfheidhmeannach roimhe sin John Delaney. 

D’fhóin sé trí bliana go leith de chonradh cúig bliana, agus le linn an ama sin tháinig méadú ar a thuarastal 

ó €211,100 go dtí €258,000. 

Níor labhair Hill go poiblí ó tháinig sé os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee, PAC)  ar 22 Feabhra, nuair a ceistíodh é faoi íocaíocht rúnda de chuid an FAI de €11,500 in ionad laethanta saoire nár tógadh in 2022. 

Rinne Hill, arb as Yorkshire dó, dochar dá chlú agus do chlú an FAI lena mhíniú neamhchinnte do choiste an Oireachtais. 

Ina dhiaidh sin áfach, thacaigh an cathaoirleach neamhspleách Tony Keohane le Hill mar an fear ceart chun an FAI a threorú. 

Tá iar-chosantóir na hÉireann Chris Hughton tagtha chun solais arís mar an fear a chreidtear a cheapfaidh an FAI
Tá iar-chosantóir na hÉireann Chris Hughton tagtha chun solais arís mar an fear a chreidtear a cheapfaidh an FAI

Mar sin féin, dúirt Keohane Dé Luain: ‘Tháinig Jonathan isteach sa chumann le linn tréimhse dheacair le linn na paindéime Covid-19 agus chabhraigh sé leis an gcumann le linn tréimhse thar a bheith dúshlánach.’ 

Dúirt Hill go raibh sé ‘bródúil as a bhfuil bainte amach’ le linn a thréimhse i gceannas. 

‘Céim shuntasach chun cinn ab ea an comhaontú um Pá Comhionann 2021 (Equal Pay agreement) a bhí ina chatalaíoch ríthábhachtach (vital catalyst) don ardú tapa ar fhoireann náisiúnta shinsir na mban le linn na tréimhse seo, agus buaicphointe stairiúil aige i gCorn an Domhain san Astráil i 2023,’ a dúirt sé. 

‘Is léiriú iad ár gcuid tairiscintí rathúla chun Euro 2028 agus cluiche ceannais Shraith Europa UEFA a óstáil, an mhí seo chugainn, ar an dul chun cinn atá déanta ag foireann an FAI agus ar a dtiomantas dochreidte agus a gcuid oibre crua. 

‘Creidim go láidir go mbeidh todhchaí iontach ann do pheil na hÉireann,’ a dúirt Hill. 

Fágann a scoir an FAI gan bainisteoir sinsearach fir, Príomhfheidhmeannach buan, agus stiúrthóir margaíochta agus cumarsáide. 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram