Tá oibrí cúnaimh Éireannach ag labhairt amach ar son mhuintir bhocht sa Mhaláiv (Malawi) agus tá sé tar éis aird a dhíriú ar an gcaoi a bhfuil siad ag fulaingt mar gheall ar athrú aeráide.
Tá Conor Kelly, arb as Claonadh (Clane) i gCo. Chill Dara (Kildare) dó, ina chónaí sa Mhaláiv; agus tá sé ráite aige go bhfuil an t-athrú aeráide ina ‘bhagairt eiseach (existential threat)’ do mhuintir na háite.
Mhínigh sé go bhféadfadh codanna den tír a bheith do-áitrithe (uninhabitable) má leanann an teocht ag ardú.
Tá an tUasal Kelly ina chónaí sa tír thalamhiata (landlocked) in oirdheisceart na hAfraice lena theaghlach le blianta beaga anuas.
Toisc go bhfuil an tír bheag bhocht ag fulaingt (suffering) ó roinnt mórimeachtaí tubaiste, ar nós cioclóin (cyclones) agus tuilte (flooding), dúirt an tUasal Kelly go raibh gá le níos mó comhbhá (empathy) i leith daoine atá i mbaol dúshláin aeráide.
‘Tharla Cyclone Idai in 2019,’ a dúirt an tUasal Kelly, atá ina bhainisteoir clár sa Mhaláiv don charthanacht (charity) Éireannach, Trócaire.
Agus ba é an dara cioclón trópaiceach ba mharfach a bhuail an leathsféar theas (southern hemisphere).
‘Tá tionchar ag athrú aeráide ar an Mhaláiv,’ a dúirt sé. ‘Tá siad ar cheann de na 10 dtír is mó ar chuir an t-athrú aeráide isteach orthu agus beidh siad ag dul in olcas i gcónaí mura ndéantar rud éigin.’
Tá thart ar thrí cheathrú de dhaonra 21 milliún duine sa Mhaláiv ag brath ar thalmhaíocht, rud a chiallaíonn má theipeann ar bharra (crops), bíonn ocras ar dhaoine.
Níl go leor bia ag breis is ceithre mhilliún duine le fanacht sláintiúil sa Mhaláiv, dar leis an rialtas – agus d’fhéadfadh sé sin dúbailt go luath go hocht milliún.
Dúirt an tUasal Kelly gur chabhraigh roinnt imeachtaí a bhaineann le hathrú aeráide san Eoraip, mar thuilte 2021 sa Ghearmáin agus tinte foraoise sa Phortaingéil anuraidh, le daoine tuiscint a fháil ar cé chomh díobhálach (damaging) is atá an t-athrú aeráide.
Dúirt sé: ‘Dá mbeadh milliún duine in Éirinn a raibh níos mó bia de dhíth orthu, d’fheicfeá go leor beart á dhéanamh ansin.’
Tá sé deacair ag feirmeoirí na Maláive, a shaothraíonn an bia a itheann siad den chuid is mó, fios a bheith acu nuair a bhíonn siad ag feirmeoireacht, de bharr patrúin aimsire athraitheacha.
Anuraidh, chuir Cyclone Freddy tuilte i ndeisceart na tíre agus bhí triomach (drought) sa tuaisceart. I mbliana, áfach, bhí tréimhsí tirime ag an deisceart i mí Feabhra ag am ríthábhachtach le linn shéasúr na báistí.
‘Roimhe seo, bhí amanna crua ach ar a laghad bhí a fhios againn cathain a thosódh an bháisteach,’ a dúirt an tUasal Kelly.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.