Mhéadaigh costas ubh Chásca (Easter egg) mar gheall ar athrú aeráide

22/03/2024

Tá an t-athrú aeráide ina phríomhchúis go gcosnóidh d’ubh Chásca seacláide 50% níos mó i mbliana, dar le taighdeoirí

Tá praghas ubh Chásca ag méadú mar go ndéantar seacláid as cócó a fhástar in Iarthar na hAfraice, áit a bhfuil go leor barra scriosta ag tonn teasa (heatwave), de réir tuarascála ón BBC.

Deir saineolaithe go bhfuil an seans go mbeidh an aimsir an-te 10 n-uaire is dóichí (more likely) mar gheall ar athrú aeráide.

Anois tá ardú 50% nó níos mó tagtha ar phraghas ar roinnt uibheacha Cásca coitianta.

I mí Feabhra, bhí Mondelez, an chuideachta ar leis an mbranda Cadbury, agus an déantóir seacláide Meiriceánach Hershey ag tabhairt rabhaidh cheana féin faoi ardú praghsanna cócó agus ardú praghas na seacláide
I mí Feabhra, bhí Mondelez, an chuideachta ar leis an mbranda Cadbury, agus an déantóir seacláide Meiriceánach Hershey ag tabhairt rabhaidh cheana féin faoi ardú praghsanna cócó agus ardú praghas na seacláide

Mar gheall ar an nganntanas cócó de bharr na dtonn teasa tá praghsanna ag ardú go dtí beagnach €7,800 an tona an tseachtain seo.

Tá crainn chócó go háirithe i mbaol athruithe san aeráid. Ní fhásann siad ach i gceantar beag in aice leis an Meánchiorcal (Equator).

Tá an chuid is mó de tháirgeadh domhanda (global production) san Afraic Thiar. Mar sin féin, tá triomach (drought) mór sa réigiún ó mhí Feabhra na bliana seo.

Is é is cúis leis seo ná teochtaí a d’ardaigh os cionn 40C i dtíortha lena n-áirítear an Cósta Eabhair (Ivory Coast) agus Gána (Ghana).

Tá na teochtaí arda seo 10 n-uaire níos dóichí mar gheall ar astaíochtaí  gáis cheaptha teasa (greenhouse gas emissions), dar leis an ngrúpa World Weather Attribution.

Fuarthas amach ina staidéar, mura laghdaíonn an domhan úsáid breosla iontaise (fossil fuel) go tapa, beidh tonnta teasa comhchosúla in Iarthar na hAfraice thart ar gach dhá bhliain.

Fachtóir eile a raibh tionchar aige ar na barraí ba ea El Niño.

Is é seo an aimsir atá ag athrú san Aigéan Ciúin trópaiceach (tropical Pacific) a ardaíonn teochtaí domhanda agus a d’fhéadfadh tarlú adhaimsire (extreme weather event) a bheith mar thoradh air in áiteanna áirithe. Tá El Niño láidir gníomhach ó mhí an Mheithimh seo caite.

Is minic a chruthaíonn blianta El Niño dúshláin d’fheirmeoirí, ach tá na hathruithe sin níos measa ag téamh domhanda (global warming).

Bhí tionchar ag báisteach throm freisin ar Chósta Eabhair agus Gána araon.

Mar gheall ar na coinníollacha fliucha agus tais (humid) tháinig borradh faoi ionfhabhtú fungasach (fungal infection) ar a dtugtar an galar pod dubh, ag lobhadh (rotting) pónairí cócó ar na crainn.

ubh Chásca
Ubh Chásca

Ba é toradh na n-imeachtaí éagsúla seo, méadú faoi thrí ar phraghas an chócó ón tráth seo anuraidh agus faoi dhó i le trí mhí anuas.

Ceannaíonn déantóirí seacláidí pónairí míonna roimh an am ach tá praghsanna ardaithe ag tosú ag dul i bhfeidhm ar phraghsanna sna siopaí.

I mí Feabhra, bhí Mondelez, an chuideachta ar leis an mbranda Cadbury, agus an déantóir seacláide Meiriceánach Hershey ag tabhairt rabhaidh cheana féin faoi ardú praghsanna cócó agus ardú praghas na seacláide.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram