Is dócha go mbeidh Simon Harris mar an chéad Taoiseach eile

21/03/2024

Tá Simon Harris ag fáil níos mó tacaíochta agus tá an cinneadh déanta ag Heather Humphreys, Paschal Donohoe agus Helen McEntee gan seasamh

Ní bheidh Heather Humphreys, Paschal Donohoe ná Helen McEntee le seasamh le bheith ina ceannaire ar Fhine Gael . Is dócha go rachaidh an post chuig Simon Harris.

after leo feat2
Leo Varadkar ag éirí as. Is cosúil go bhfaighidh Simon Harris a phost

Thug níos mó ná 25 TD agus Seanadóir a dtacaíocht dó ag am lóin Déardaoin.

Ina measc tá: An tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee, na Teachtaí Dála Neale Richmond, Brendan Griffin, Emer Higgins, Patrick O’Donovan agus Frank Feighan, na Seanadóirí Barry Ward, Michael Carrigy agus Tim Lombard, agus na Feisirí Eorpacha Seán Kelly, Frances Fitzgerald agus Maria Walsh.

Díreofar anois ar 6 Aibreán nuair a fhógrófar ceannaire nua ag Ardfheis an pháirtí i nGaillimh.

Bhí sé ráite ag leascheannaire Fhine Gael Simon Coveney cheana féin nach lorgóidh sé ceannaireacht an pháirtí tar éis éirí as Leo Varadkar.

Dúirt an tUasal Coveney go ndearna sé ‘cinneadh tamall ó shin nach seasfadh sé i gcomórtas ceannaireachta eile’.

Ag labhairt dó ar Six One ar RTÉ, Dé Céadaoin, dúirt an tAire Fiontar (Enterprise Minister): ‘Bhí mo sheans agam agus níor éirigh liom an uair dheireanach, sílim go bhfuil neart tallainne sa pháirtí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram