Ní chuirfear Kyle Hayes i bpríosún, tar éis é a chiontú as mí-ord foréigneach (violent disorder)

20/03/2024

Gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar an iománaí as Luimneach Kyle Hayes  – ach cuireadh ar fionraí é

Gearradh téarma príosúin dhá bhliain ar fionraí ar réalta iomána Luimnigh Kyle Hayes, tar éis é a bheith ciontaithe in dhá chúis le mí-ord foréigneach i mí na Nollag.

Dúradh freisin leis an iománaí, atá 25 bliain d’aois, €10,000 mar chúiteamh a íoc le fear a raibh gortuithe tromchúiseacha air.

Kyle Hayes
Kyle Hayes

Phléadáil Hayes neamhchiontach as ionsaí agus díobháil (harm) a dhéanamh do Cillian McCarthy lasmuigh de chlub oíche, Icon, ar an 28 Deireadh Fómhair, 2019, chomh maith le dhá chomhaireamh mí-ord foréigneach (violent disorder), laistigh agus lasmuigh den chlub an oíche chéanna.

Tar éis triail choicíse ag Cúirt Chuarda Choiriúil Luimnigh i mí na Nollag, chinn giúiré (jury) nach raibh sé ciontach as ionsaí ach ciontach as an dá chion mí-ord foréigneach.

Chuala an triail líomhaintí gur ionsaigh Hayes agus daoine eile an tUasal McCarthy ar urlár rince an Icon.

Chuala an triail freisin gur thug Hayes foláireamh don Uasal McCarthy agus dá chara Craig Cosgrave ‘a choinneáil ar shiúl’ ó bheirt bhan, a bhí ina gcairde leis an mbeirt fhear.

Dúirt beirt gharda leis an gcúirt go bhfaca siad Hayes ag ciceáil fear a bhí ina luí ar an talamh nuair a tháinig siad ar an láthair.

Dúirt duine de na gardaí, Bleachtaire Garda Déan Landers ó Stáisiún Gardaí Bhóthar Roxboro, gur aithin sé é féin mar gharda do Hayes agus dúirt sé leis fanacht san áit a raibh sé agus é á choinneáil ag an láthair.

‘Dúirt sé [Hayes] liom éirí as, tharraing sé a lámh, faoi fhórsa, amach as mo ghreim agus chas sé agus rith sé,’ a dúirt an Landers.

Dúirt sé gur ghlaoigh sé arís agus arís eile i ndiaidh Hayes: ‘Gardaí, stop!’, ach lean sé ar aghaidh ag rith.

Ghabh Bleachtaire Garda Landers Hayes faoi dheireadh, roinnt sráideanna i gcéin.

Ag deireadh a thrialach dúirt an breitheamh gur chiallaigh ciontú Hayes as ‘cúrsaí tromchúiseacha’ go bhféadfadh sé a bheith ag súil le pianbhreith choimeádta (custodial sentence).

Fuair Hayes pianbhreith 18 mí sa phríosúin mar gheall ar mí-ord foréigneach taobh istigh de chlub oíche Icon, agus pianbhreith príosúin dhá bhliain mar gheall ar neamhord foréigneach ar shráid lasmuigh den chlub oíche.

Cuirtear an dá phianbhreith ar fionraí go hiomlán agus rithfidh siad i gcomhthráth (concurrently).

Tá ordú tugtha freisin do Hayes cúiteamh €10,000 a íoc leis an íospartach Cillian McCarthy, siúinéir féinfhostaithe (a self-employed carpenter), as gortuithe agus cailleadh tuillimh de bharr na ngortuithe sin.

I mí Eanáir, d’iarr bainisteoir fhoireann sinsear iomána Luimnigh, John Kiely, ar bhreitheamh gan Hayes a chur i bpríosún tar éis é a chiontú as mí-ord foréigneach.

D’iarr Kiely ar an mBreitheamh Dermot Sheehan ‘an dara seans’ a thabhairt do bhuaiteoir Chraobh na hÉireann ceithre huaire, Hayes.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact statement) don chúirt, dúirt Cillian McCarthy go raibh sé ‘easygoing’ agus ag obair go dian, ‘ag baint sult as an saol, le grá aige ag imirt spóirt agus bhí sé uaillmhianach (ambitious)’ ach ‘d’athraigh sé sin go léir’.

Dúirt McCarthy gur fágadh ‘faitíos’ é, i ndiaidh na heachtra.

Dúirt sé go bhfuil tinneas cinn leanúnach agus trom air, go bhfuil an radharc doiléir (blurred vision) aige agus go raibh obráid air le haghaidh cnámh briste dá shúil dheas.

Dúirt sé go bhfuair sé teachtaireachtaí fuatha ó dhaoine ar líne freisin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram