Ag maireachtáil sa chathair? Seans ann go bhfuil tobar naofa (holy well) in aice leat

20/03/2024

Labhraíonn Manchán Magan le Mary Kennedy faoi tobar naofa Naomh Bríd i gCluain Dolcáin (Clondalkin) agus fiosraíonn sé toibreacha eile inár gcathracha

Ag caint ar áit an tobair naofa inár n-oidhreacht, dúirt Manchán Magan le déanaí, in agallamh le the Irish Examiner:‘San am atá inniu ann, agus muid ag fiosrú cé muid féin agus cén bhaint atá againn le hoidhreacht (heritiage), is cosúil gur cheart féachaint ar thoibreacha.’

tobar
Ag Triall ar an Tobar

Agus insíonn a shraith nua, Ag Triall ar an Tobar, a thosaigh ar TG4 an tseachtain seo caite, roinnt scéalta iontacha dúinn faoinár stair, ár n-oidhreacht – agus sa deireadh thiar fúinn féin.

Is é an rud a thaispeánann an tsraith dúinn freisin, nach bhfuil an traidisiún sin, cuairt a thabhairt ar na toibreacha naofa mar chuid dár n-oidhreacht amháin, ach go bhfuil sé beo go mór agus mar chuid den saol nua-aimseartha freisin; agus ní amháin faoin tuath ach inár gcathracha freisin.

Tugann Eipeasóid a Dó sinn chuig toibreacha naofa i gcathracha na hÉireann, lena n-áirítear Baile Átha Cliath, Corcaigh, Doire agus Gaillimh. Agus i mBaile Átha Cliath labhraíonn sé le Mary Kennedy, iar-láithreoir Nationwide, faoi Thobar Naomh Bríd i gCluain Dolcáin, tobar a bhfuil an-tóir air go fóill agus áit a eagraíonn an pobal áitiúil searmanais gach bliain.

Tugann sé cuairt freisin ar thobar iontach faoi thalamh, Tobar Phádraig, in aice le Coláiste na Tríonóide, i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Mhínigh Magan: ‘Is gné lárnach de gach cultúr iad toibreacha naofa. Is rud primordial é an smaoineamh daoine a nascadh le huisce.

‘Téigh chuig aon chultúr dúchasach agus is é uisce fréamh a saoil. Má labhraíonn tú le duine Bundúchasach (Aboriginal) san Astráil déarfaidh siad gur uisce é gach rud.

‘Tá a fhios acu go bhfuil muid comhdhéanta den uisce, thart ar 60%, go bhfuil a gcuid feirmeoireachta go léir agus a gcrann ag brath ar an gcóras uisce.

‘Tá cuspóirí praiticiúla ag toibreacha – is ann a théann tú chun do chuid éadaí a ní agus chun folcadh a dhéanamh. Ansin tá cinn naofa ann.’

Cuireann Magan – agus freagraíonn sé – ceist spéisiúil. ‘Conas is féidir linn a fhios a bheith againn go raibh baint i gcónaí ag muintir na hÉireann le toibreacha, ós rud é go bhfuil chomh beag eolais againn faoin réamh-Chríostaíocht agus cad a bhí ar siúl ag na Draoithe (Druids) nó ag creidmhigh adhartha dúlra (nature-worshipping) in Éirinn?

Agus tá an freagra ag Naomh Pádraig féin, agus an méid a scríobh sé. Léiríonn a chuid scríbhinní go raibh ár naomhphátrún  (patron saint) diongbháilte (determined) fáil réidh leis an gcuid sin dár gcultúr, chun an nasc a bhí ag muintir na hÉireann le págánacht a bhriseadh.

Agus níor chríochnaigh sin le Naomh Pádraig. Bhí coimhlint i gcónaí idir iad siúd a bhí in údarás in Éirinn agus dearcadh reiligiúnach na ndaoine.

Deir Magan linn: ‘Tháinig Naomh Pádraig trasna na sluaite ag bailiú ag toibreacha chun deasghnátha (rituals) éagsúla a dhéanamh. Rinne sé a ghnó — chomh maith leis na naoimh eile — dul thart ag Críostú na toibreacha.’

Bhí an tuairim aige go raibh nathair nó deamhan (demon) sa tobar agus dhíbir (banish) sé é.

Caithfidh gur sin an áit ar tháinig an scéal faoi Naomh Pádraig ag díbirt na nathrach as Éirinn – tír nach raibh nathracha riamh ann.

Ag Triall ar an Tobar, TG4, Déardaoin, 8pm


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram