Bhí ról ‘€70,000 sa bhliain’ ag iarcheannaire airgeadais RTÉ

03/03/2024

Bhí an t-iarcheannaire airgeadais in RTÉ ag fáil an t-airgead ar feadh 10 mbliana ‘tar éis dó a bheith iomarcach’

Íocadh ‘€70,000 sa bhliain’ le hiarcheannaire airgeadais de chuid RTÉ ar feadh 10 mbliana chun scéim pinsin a mhaoirsiú, de réir an Irish Mail on Sunday.

Tháinig deireadh leis an socrú anuraidh, ach fuair sé a shocrú scoir féin roimhe sin freisin, agus bhí sé fhigiúr i gceist.

D’fhág Conor Hayes mar phríomhoifigeach airgeadais (chief financial officer) RTÉ i 2012 tar éis dó clárú le scéim luathscoir (early retirement) ar chuidigh sé lena chruthú.

Conor Hayes a bhí mar phríomhoifigeach airgeadais in RTÉ
Conor Hayes a bhí mar phríomhoifigeach airgeadais in RTÉ

Tá RTÉ ag plé le ceisteanna eile faoi íocaíochtaí le feidhmeannaigh a bhí ag imeacht faoi láthair.

In ainneoin an tsocrú scoir, tháinig Breda O’Keeffe isteach i ról an tUasal Hayes.

Bhí Ms O’Keeffe i gcroílár conspóide freisin tar éis teacht chun solais go bhfuair sí socrú €450,000 nuair a d’éirigh sí as, ach ní raibh baint ar bith ag bord RTÉ leis an gcinneadh sin a dhéanamh ná le faomhadh (approval) a thabhairt dó.

Tugadh an comhaontú di mar chuid de phacáiste deonach chun éirí as i 2017 agus tháinig Richard Collins ina hionad, cé go raibh an scéim dírithe go ginearálta ar dhaoine a bhí ag fágáil poist nach raibh aon duine eile ag teacht isteach ann.

Fuair an tUasal Collins pacáiste íocaíochta conspóideach le fágáil freisin, ach níl an méid a tugadh dó á fhoilsiú go fóill.

D’fhág sé RTÉ mí Dheireadh Fómhair seo caite. D’fhógair RTÉ ceapachán Mari Hurley ina áit, Dé hAoine.

Idir an dá linn, tháinig sé chun solais, tar éis dó éirí as mar phríomh chuntasóir (head accountant) RTÉ, gur íocadh €70,000 sa bhliain leis an Uasal Hayes, de réir foinsí a raibh eolas díreach acu air seo.

Siún Ní Raghallaigh
Siún Ní Raghallaigh

Rinneadh an íocaíocht do chun aire a thabhairt de scéim aoisliúntais (superannuation) RTÉ – is é sin clár pinsin in RTÉ, nach bhfuil ach 1,700 ball ann faoi láthair agus a stop glacadh le baill nua i 1989.

Bhí an €70,000 sa bhliain sa bhreis ar an bpá scoir a fuair an tUasal Hayes ó RTÉ, inar íocadh idir €200,000 agus €250,000 leis.

Rinne foinse de chuid RTÉ cur síos ar ról an Uasail Hayes i mbainistiú na scéime mar ‘phost an-pháirtaimseartha’ a bhain le ‘cúpla lá sa mhí’.

Bhí an ról leis an scéim pinsin aige go dtí anuraidh, nuair a tháinig sé ar aird an chathaoirligh a d’imigh le déanaí, Siún Ní Raghallaigh, de réir an tuairisc.

Dúirt foinse atá gar do Bhord RTÉ: ‘Bhí Siún an-mhíshásta gur íocadh an t-airgead seo amach agus chuir sí deireadh leis.’

Dúirt foinse a raibh aithne acu ar an scéim gur íocadh €70,000 leis an Uasal Hayes.

Dúirt siad leis an Irish Mail on Sunday: ‘Go bunúsach, íocadh €70,000 sa bhliain leis ó d’éirigh sé as a phost, chun súil a choinneáil ar an gciste pinsin. Ar ndóigh, tarraingíonn sé a phinsean ollmhór féin fós.

 Breda O'Keeffe
Breda O’Keeffe

Dúirt an fhoinse gur chuir an iar-cathaoirleach  deireadh leis and íocaíocht anuraidh.

Dúirt foinse eile, a bhfuil cur amach acu ar an scéim: ‘Ní fios do na pinsinéirí i ndáiríre na mionsonraí ar cé mhéad a fuair daoine, ach bhí a fhios ag na daoine a bhí i gceannas ar RTÉ cad a bhí á fháil aige.

Nuair a iarradh air an íocaíocht €70,000 a dhearbhú (confirm) an deireadh seachtaine seo, dúirt an tUasal Hayes: ‘Ní phléim mo ghnóthaí pearsanta le haon duine,’ dar leis an Irish Mail on Sunday.

Dúirt an tUasal Hayes an deireadh seachtaine seo gur roghnaigh sé an ról a fhágáil é féin.

‘Bhí deireadh le mo théarma in 2022 agus chinn mé gan athnuachan a dhéanamh,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram