Tá dúshlán soiléir leagtha amach ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont don Rialtas ag iarraidh orthu an rud atá ceart don Ghaeilge a dhéanamh de réir na gcuspóirí atá leagtha amach sa Bhunreacht, ina reachtaíocht craolacháin féin agus ina straitéis féin don Ghaeilge.
In aitheasc cumhachtach de Choiste Oireachtais na Gaeilge nocht Esslemont an teip atá ar RTÉ agus ar an Rialtas araon na seirbhísí atá ag teastáil a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí agus don Ghaeilge sna meáin chumarsáide.
Níorbh é seo an chéad uair a labhair an tUasal Esslemont amach faoin easpa maoinithe chuí do na meáin Ghaeilge – ach ba í an argóint is cumhachtaí agus is cruinne a bhí aige go dtí seo.
Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean Dé Céadaoin, labhair Esslemont faoin ‘scannal’ craoltóireachta a bheadh ann dá ndéanfadh an Rialtas socrú nua maoinithe le RTÉ gan socrú dá leithéid a dhéanamh le TG4.
Bhí ionadaithe ó RTÉ agus TG4 os comhair an choiste chun an Ghaeilge sna meáin craolta a phlé.
Agus leag Esslemont amach na figiúirí chun tacú leis an bpointe a bhí á dhéanamh aige.
Dúirt sé: ‘In ainneoin gach a bhfuil sa Bhunreacht agus sa reachtaíocht, agus in ainneoin go bhfuil Aire ann, an tAire Catherine Martin, a thugann tacaíocht do TG4 ar bhealach nach ndearna aon Aire Meán riamh, tá infheistíocht an stáit i TG4 i 2024 beagnach €6 milliún níos lú ná mar atá sa straitéis a cheadaigh an Dáil i 2023.’
Agus chuir sé an méid airgid a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil do TG4 i gcomparáid leis an méid airgid a cuireadh ar fáil do S4C sa Bhreatain Bheag.
Tá an infheistíocht ón Rialtas in Éirinn faoi bhun 50% den infheistíocht in S4C, ‘ainneoin go bhfuil Éirinn i bhfad níos saibhre ná an Bhreatain Bheag, go bhfuil daonra i bhfad níos mó anseo agus go bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge ann ná cainteoirí Breatnaise’.
Dúirt sé: ‘Má dhéanann an Rialtas seo cinneadh réamhbheartaithe, comhfhiosach faoi quantum maoinithe RTÉ i 2024 agus – beag beann ar stádas bunreachtúil na Gaeilge, beag beann ar dhualgais agus ‘cuspóirí’ TG4 faoin Acht Craolacháin, agus beag beann ar mhionsonraí Ráiteas Straitéise TG4 atá feicthe agus faofa ag an Dáil – má dhéanann an Rialtas seo cinneadh comhfhiosach i mbliana faoi TG4, quantum maoinithe RTÉ agus gan cinneadh comhfhiosach a dhéanamh faoi quantum maoinithe TG4, is scannal a bhéas ann.’
Dúirt sé: ‘Ba cheart go mbeadh cinneadh comhfhiosach Rialtais i 2024 ag cur maoiniú phoiblí TG4 ag ar a laghad 50% de mhaoiniú poiblí RTÉ. Ciallaíodh sé seo go mbeadh maoiniú poiblí TG4 ag €120 milliún (móide €15 milliún in ioncam tráchtála = €135 milliún de mhaoiniú iomlán), mórán an scála céanna le S4C.
‘Is féidir an sprioc maoinithe seo a bhaint amach de réir a chéile idir 2025 agus 2030.’
Fadhb amháin a thug sé faoi deara ná ceann atá léirithe roimhe seo, go háirithe sna scéalta atá foilsithe ag tuairisc.ie a aithníonn easpa suime sa Ghaeilge i measc roinnt státseirbhíseach.
‘Is iad ranna Airgeadais an stáit a mhúnlaíonn meon an stáit agus dar liomsa breathnaíonn siad ar an nGaeilge mar ‘a non-essential language’, úsáideach don Stát mar theanga ornáideach, ach neamhriachtanach do ghnáthshaol agus do dhul chun cinn an stáit.
‘A chairde, tá athrú meoin ag teastáil.
‘Tá an Ghaeilge rangaithe ag Unesco mar theanga atá “definitely endangered” ag fórsa a dtugann eolaithe teanga “language shift” air.’
Dúirt sé freisin gur ‘léirigh Tuarascáil an Coimisinéara Teanga gur craoltóir, de facto, Béarla atá in RTÉ’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.