Más mian leat leanbh a bheith agat téigh go dtí do leaba … le haghaidh codlata

14/08/2024

Bíonn fadhbanna ag an séú cuid de lánúin in Éirinn leanbh a bheith acu, agus bíonn oícheanta déanacha ina gcúis le fadhbanna

Ba chóir do mhná atá ag súil le leanbh a bheith acu a bheith sa leaba faoi 10.45pm, de réir staidéar.

Rinne taighdeoirí staidéar ar 4,000 bean thar thréimhse chúig bliana chun a fháil amach conas a chuaigh am codlata i bhfeidhm ar a seansanna leanbh a ghiniúint.

Léirigh torthaí an staidéir go raibh 22% seans níos lú ag na daoine a bhí ag dul sa leaba go rialta tar éis 10.45pm.

Léiríonn an taighde nua nach é an méid codlata an t-aon fhadhb atá ann agus lánúin ag iarraidh leanbh a bheith acu
Léiríonn an taighde nua nach é an méid codlata an t-aon fhadhb atá ann agus lánúin ag iarraidh leanbh a bheith acu

Léirigh sé go mbeadh fadhbanna acu agus iad ag iarraidh leanbh a bheith acu.

Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil sé tábhachtach do mhná ar mian leo fanacht torthúil (fertile) go leor codlata a fháil.

Mar sin féin, léiríonn an taighde nua nach é an méid codlata an t-aon fhadhb atá ann agus lánúin ag iarraidh leanbh a bheith acu.

Tá fadhbanna torthúlachta (fertility) ag timpeall an séú cuid de lánúineacha heitrighnéasacha (heterosexual) in Éirinn.

Chomh maith leis sin tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go dteipeann ar lánúin as gach ceathrar, leanbh a bheith acu tar éis bliain amháin de ghnéas gan chosaint.

Rinne eolaithe ag Dara Ospidéal Xiangya i Hunan, an tSín (China), suirbhé ar na mná idir 2015 agus 2020 chun a fheiceáil conas a chuir réimeanna codlata isteach ar rátaí toirchis i measc na ndaoine a bhí ag iarraidh leanbh a bheith acu.

Chuir siad as an áireamh fachtóirí eile a d’fhéadfadh laghdú a dhéanamh ar na seansanna giniúna amhail murtall (obesity), caitheamh tobac agus alcól.

Ba bheag éagsúlacht a léirigh na torthaí, a foilsíodh san iris eolaíoch Frontiers in Endocrinology, i rátaí torthúlachta i measc na ndaoine a chuaigh a chodladh roimh 10.45pm.

Ach nuair a chuaigh siad a chodladh tar éis 10.45pm, tháinig athrú mór. Bhí seans níos lú ag níos mó ná an cúigiú cuid de mhná a bheith torrach.

eipeann ar lánúin as gach ceathrar, leanbh a bheith acu tar éis bliain amháin de ghnéas gan chosaint
Teipeann ar lánúin as gach ceathrar, leanbh a bheith acu tar éis bliain amháin de ghnéas gan chosaint

Creideann taighdeoirí go gcuireann dul a chodladh ró-dhéanach isteach ar chlog inmheánach agus go spreagann sé imoibriú hormónach a laghdaíonn an dóchúlacht go ndéanfaidh speirm toirchiú ar ubh mná.

Dúirt an fhoireann taighde: ‘Tá atáirgeadh rialaithe go dian ag meicníochtaí hormónacha. D’fhéadfadh neamhthorthúlacht a bheith mar thoradh ar aon chur isteach orthu seo.

‘Mar gheall ar nádúr gasta na sochaí nua-aimseartha, tá athruithe suntasacha tagtha ar stíleanna maireachtála na ndaoine agus tá claonadh ag líon méadaitheach daoine moill a chur ar a gcuid ama codlata.

‘Is faisnéis luachmhar iad na torthaí seo do mhná atá in aois breith linbh agus lánúin atá iarraidh leanbh a bheith acu.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram