Beirt dhéagóir faoi choimeád tar éis lámhach ag ceiliúrtha (celebrations) Super Bowl

Deir póilíní gur aighneas idir roinnt daoine ba chúis leis an lámhach agus seans nach bhfuil baint aige leis an gceiliúradh

Tá beirt dhéagóir faoi choimeád mar gheall ar an lámhach ag ceiliúrtha Super Bowl na Kansas City Chiefs, a d’fhág duine amháin marbh agus 22 duine gortaithe.

Maraíodh Lisa Lopez-Galvan, DJ áitiúil, a bhí 43 bliain d’aois, san ionsaí, de réir ceannasaí na bpóilíní Stacey Graves.

Creidtear gur tharla an lámhach mar thoradh ar aighneas pearsanta sa cheantar a bhain le tuairim is deichniúr
Creidtear gur tharla an lámhach mar thoradh ar aighneas pearsanta sa cheantar a bhain le tuairim is deichniúr

Bhí Ms Lopez-Galvan ina hóstach ar Taste of Tejano, seó ceoil Tex-Mex, ar an stáisiún raidió pobail KKFI.

Tá an 22 íospartach eile sa lámhach ag aois idir ocht mbliana d’aois go 47, agus tá leath díobh níos óige ná 16 bliana d’aois.

Is cosúil gur tharla an lámhach le linn ‘aighnis idir roinnt daoine a chríochnaigh le foréigean’ a dúirt Graves.

Dúirt sí nach raibh aon léiriú ann go bhfuil nasc leis aon antoisceach (extemists).

Gabhadh triúr tar éis an lámhach Déardaoin ach dúirt póilíní nach raibh baint ag duine amháin acu leis an eachtra. Tháinig na póilíní ar roinnt gunnaí freisin.

Tá beirt déagóirí fós faoi choimeád le haghaidh tuilleadh imscrúdaithe, a dúirt na póilíní.

Creidtear gur tharla an lámhach mar thoradh ar aighneas pearsanta sa cheantar a bhain le tuairim is deichniúr, agus ní raibh ionsaí ar an gceiliúradh féin i gceist.

Thárla sé tar éis do 1 milliún duine a bhailiú ag Union Station i lár Kansas, Missouri, don pharáid chun bua na Chiefs a chomóradh.

Theith lucht leanúna tar éis don lámhach tosú.

Ba é an lámhach an dara ceann i mbliain ag mórcheiliúradh spóirt Mheiriceá. Ghortaíodh beirt i mí an Mheithimh i Denver ag paráid do lucht leanúna cispheile.

Thárla sé tar éis do 1 milliún duine a bhailiú ag Union Station i lár Kansas, Missouri, don pharáid
Thárla sé tar éis do 1 milliún duine a bhailiú ag Union Station i lár Kansas, Missouri, don pharáid

Bhí ionsaithe cheana féin ag eaglaisí, scoileanna, siopaí grósaeireachta agus ‘malls’.

Ba é seo an 48ú oll-lámhach (mass shooting) sna Stáit Aontaithe go dtí seo i mbliana, de réir Gun Violence Archive, a chuimsíonn ach iad siúd ina lámhaigh ceathrar íospartach nó níos mó.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram