Ár réalta nua! Beidh Sammie Szmodics ag imirt a chéad chluiche d’Éirinn

Glaodh ar Sammie mar go bhfuil Troy Parrott gortaithe do na cluichí i gcoinne na Beilge (Begium) agus na hEilvéise (Switzerland)

Táthar ag súil go n-imreoidh Sammie Szmodics a chéad chluiche d’Éirinn toisc gur chuir gortú Troy Parrott amach do na cluichí atá le teacht – na cluichí cairdiúil in aghaidh na Beilge (Begium) agus na hEilvéise (Switzerland).

Tá Sammie , atá tar éis 21 cúl a scóráil i 36 chluiche do Blackburn Rovers an séasúr seo, ar cheann de chúigear tosaithe (forwards) atá ar fáil don bhainisteoir eatramhach (interim) John O’Shea do na cluichí i mBaile Átha Cliath.

Sammie Szmodics
Sammie Szmodics

Ní raibh Parrott, atá 22 bliain d’aois, ar fáil don dá chluiche deireanacha do Excelsior Rotterdam, lena n-áirítear toradh 1-1 Dé Sathairn i gcoinne RKC Waalwijk, agus ní bheidh sé ar fáil le haghaidh dualgas idirnáisiúnta.

Seacht gcúl atá scóráilte ag Parrott agus bhí trí chúl aige ar iasacht ó Spurs an séasúr seo.

Idir an dá linn, tá gortú ag cosantóir Celtic Liam Scales freisin, a fuair sé agus é ag traenáil roimh bhua a chlub 3-1 ar St Johnstone; agus tá sé curtha as an áireamh freisin do dhá chluiche na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Rachaidh imreoirí Faoi 21 na hÉireann, Joe Hodge agus Andy Moran, isteach sa scuad sinsear, tar éis cluiche ceannais na hEorpa faoi 21 in aghaidh San Mairíne Dé hAoine.

Beidh Brian Maher, cúl báire Derry City, ag traenáil leis an triúr sinsearach Caoimhín Kelleher, Gavin Bazunu agus Mark Travers freisin.

Troy Parrott
Troy Parrott

Traenáil Éire arís maidin Dé Máirt i mBaile an Aba (Abbotstown).

Bhí seisiún traenála acu Dé Luain agus sin é an chéad chruinniú a bhí acu le chéile ó mhí na Samhna, agus an chéad chruinniú acu ó d’imigh Stephen Kenny.

Bhí ar Sammie déileáil le líomhaintí  go raibh sé ag iarraidh imirt don Ungáir (Hungary) – cé gur admhaigh sé go raibh frustrachas air nuair nár iarradh air imirt i bhfoirne Éireannacha le déanaí.

Bhí sé san áireamh i scuadanna faoi Stephen Kenny roimhe seo, cé nár imir sé sa gheansaí glas riamh. Tharraing sé siar ón scuad chun aghaidh a thabhairt ar an nGréig agus ar Ghiobráltar i mí Dheireadh Fómhair seo caite de bharr ‘cúiseanna pearsanta’.

Rugadh Sammie i gColchester, agus cáilíonn sé d’Éirinn trína sheanmháthair, arbh as Gránard, Longfort dó.

Agus cé go bhfuil sé incháilithe don Ungáir freisin trína sheanathair, dhiúltaigh sé líomhaintí go raibh sé ag iarraidh imirt leis an Ungáir.

Dúirt sé: ‘Léann daoine ar Twitter nach dteastaíonn uaim imirt d’Éirinn, ach ní mar sin atá.

‘Léigh mé na meáin shóisialta mar a dhéanann gach duine. Tá sé ráite ag daoine nach bhfuil fonn orm imirt ar son na hÉireann, rud nach bhfuil ciall leis. Níor tháinig mé amach riamh agus dúirt mé é sin.

‘Feicim daoine ag caint faoin Ungáir, sin as ar tháinig mo dhaideo. Arís, nonsense.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram