Nuair a bheidh a gcéimeanna críochnaithe ag mic léinn, is iad na tuarastail (salaries) tosaigh do na céimithe (graduates) nua ceann de na chéad rudaí a smaoineoidh siad air.
Tá ExtraG.ie tar éis breathnú ar thuarastail tosaigh na ndaoine atá ag dul isteach san fhórsa saothair (workforce), thar raon leathan tionscal.
Is iad an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an déantúsaíocht (manufacturing) na hearnálacha a bhfuil an pá is airde acu do na céimithe tríú leibhéal le déanaí.
Cuireann Gradireland an fhaisnéis sin ar fáil dá Shuirbhé ar Thuarastal Iarchéime agus ar Threochtaí Earcaíochta Céimithe (Graduate Salary and Graduate Recruitment Trends Survey).
Is féidir le mic léinn atá ag teacht isteach sa tionscal teicneolaíochta atá ag fágáil an choláiste a bheith ag súil le tuarastal tosaigh de €39,000 a thuilleamh, agus mar sin tá ionchais (expectations) na gcéimithe ag teacht go ginearálta lena bhfuil ar fáil sa mhargadh.
Tá 40% de chéimithe ag súil le €40,000 a thuilleamh ina gcéad ról gairmiúil.
Tá tuarastail tosaigh do chéimithe sna hearnálacha iompair agus déantúsaíochta beagán níos ísle, ag €38,000 agus €36,500, faoi seach (respectively).
Ar an láimh eile, tá na tuarastail tosaigh is ísle san earnáil chuntasaíochta (accountancy), seirbhísí gairmiúla (professional services) agus bainistíochta airgeadais (€28,800), san earnáil phoiblí (€30,000) agus sa bhaincéireacht (€31,000).
Mar sin féin, tá tromlach na gcéimithe sa chuntasaíocht (51%) agus baincéireacht agus airgeadas (63%) agus céimithe a bhfuil suim acu i bpoist sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí ag súil le tuarastal tosaigh de bhreis ar €30,000, nó i bhfad níos airde ná an meán a thairgeann fostóirí.
Maidir le hinnealtóireacht tá an tromlach ag súil le breis agus €35,000 a thuilleamh.
Dúirt Claire Farrugia, leas-eagarthóir ag Gradireland: ‘Is minic a bhíonn bearna idir an méid a mbíonn céimithe ag súil leis a thuilleamh agus an méid atá á thairiscint (offering) ag fostóirí, ach agus ár dtaighde is déanaí á chur i gcomparáid againn, is cosúil go bhfuil na hionchais ailínithe go ginearálta (broadly aligned), agus is dea-scéal é siin d’fhostóirí go háirithe.
‘Tá níos mó tábhachta ag baint le céimithe d’fhostóirí, le 83% ag rá go mbeidh siad ag súil le méadú ar líon na ndeiseanna do chéimithe ina n-eagraíocht.’
Fuarthas amach i suirbhé Ireland’s 100 Leading Graduates Employers ó Gradireland, gurbh iad cuideachtaí ilnáisiúnta teicneolaíochta agus cógaisíochta (tech and pharma multinationals) na fostóirí tosaíochta i measc an bhreis is 18,000 mac léinn a d’fhreagair.
Ba é Google an rogha is fearr i measc na mac léinn chun tosaigh ar Apple. Tuilleann fostaithe de chuid Google Ireland (€134,020) agus Apple Operations International (€104,738), na fochuideachtaí (subsidiaries) is fearr in Éirinn de na fathaigh teicneolaíochta, sé fhigiúr ar an meán.
Bhí Pfizer sa tríú háit agus bhí na Ceathair Mór ar fad sa 15 ar barr, le Deloitte sa cheathrú háit, KPMG sa seachtú háit, EY sa 11ú háit agus PwC sa 13ú háit. Tá an Roinn Oideachais sa chúigiú háit is airde, mar an fostóir roghnaithe ag múinteoirí.
Bhí Amazon (seachtú háit) agus Microsoft (ochtú háit) sna 10 gcinn is fearr freisin, a chríochnaigh le Aer Lingus agus AIB.
I measc na gcuideachtaí eile is fearr le céimithe tá Boston Scientific, an Coimisiún Eorpach, Johnson & Johnson, publicjobs.ie, Jameson, an Roinn Sláinte/HSE, Banc na hÉireann, agus Diageo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.