Tuarastail €70,000 ar fáil do múinteoirí thart lear

Tá tuarastail €70,000 ar fáil do múinteoirí thart lear, de réir tuairisc san Irish Times ag Carl O’Brien, agus ardú mór ar an méid atá ag lorg sos gairme anois.

Tá fadhb ann cheana féin le easpa múinteoirí agus imní faoi an caighdeán oideachas atá ar fáil do dhaltaí scoile.

Tá méadú ar líon na n-iarratas ar shos gairme agus scoileanna sa Mheánoirthear agus san Astráil ag earcú múinteoirí Éireannacha, le pacáistí idir €60,000-€70,000 sa bhliain.

Tá fadhbanna móra le sárú ag an Aire Oideachais Norma Foley cheana féin agus í ag iarraidh múinteoirí nua a earcú agus a chur ina luí orthu siúd atá ann fanacht.

Tá sé áitithe ag an Roinn Oideachais, áfach, go bhfuil tuarastail anseo níos fearr agus go bhfuil ardú ar líon na mac léinn atá ag iarraidh a bheith ina múinteoirí agus ag múineadh in Éirinn.

Norma Foley 5
Tá fadhbanna móra le sárú ag an Aire Oideachais Norma Foley cheana féin agus í ag iarraidh múinteoirí nua a earcú agus a chur ina luí orthu siúd atá ann fanacht.

Mar sin féin tá frustrachas ag múinteoirí in Éirinn faoin gcostas maireachtála agus faoin costas ar áit conaithe in aice le scoil, agus uaireanta cuimsíonn na pacáistí thar lear eitiltí, árachas sláinte agus costais athlonnaithe (relocation).

Reáchtálfaidh scoileanna poiblí in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (United Arab Emirates) aontaí fíorúla earcaíochta (virtual recruitment fairs)do mhúinteoirí Éireannacha an mhí seo chugainn, le pacáistí tuarastail ar fiú thart ar €60,000 sa bhliain iad. Áirítear leis sin eitiltí agus árachas sláinte.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Ní bheidh maithiúnas agat go deo’, a deir deirfiúr Gharda Horkan dá dhúnmharfóir

Tá scoileanna Caitliceacha i stát Victoria san Astráil ag earcú múinteoirí Gaeilge an tseachtain seo chugainn freisin agus ag tairiscint tuarastail idir €48,000 (le dhá bhliain taithí) agus €69,000 (le 11 bliain nó níos mó taithí).

Tosaíonn an scála tuarastail do mhúinteoirí in Éirinn ag €40,635 agus ardaíonn sé go dtí €75,871, gan liúntais do phoist fhreagrachta a áireamh.

I ráiteas, dúirt an Roinn Oideachais go raibh ardú 20% ar chúrsaí múinteoirí iar-bhunscoile le dhá bhliain anuas.

Dúirt siad go bhfuil tuarastal tosaigh múinteora sa Phoblacht os cionn €40,000 agus é sin i gcomparáid leis an Tuaisceart, áit a bhfuil an tuarastal tosaigh €27,300.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Guí dhearfach do chách ag Dearbhla Mescal agus í abhaile ón ospidéal le hailse

Agus faoi dheireadh na bliana seo beidh an tuarastal tosaigh anseo €41,390, agus iad siúd ar barr an scála ag fáil ar a laghad €77,000.

Léiríonn na figiúirí oifigiúla is déanaí, áfach, go bhfuil líon na múinteoirí ar shosanna gairme an líon is airde riamh, ag 3,153.

Dúirt Paul Crone, stiúrthóir ar Chumann Náisiúnta na Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (National Association of Principals and Deputy Principals, NAPD), nach raibh go leor múinteoirí a bhain céim amach le linn na paindéime in ann taisteal mar gheall ar na srianta, ach anois tá siad ag glacadh sosanna toisc go bhfuil poist bhuana acu nuair a thagann siad ar ais.

School Classroom 4 1168x681 1
Tá fadhb ann cheana féin le easpa múinteoirí agus imní faoi an caighdeán oideachas atá ar fáil do dhaltaí scoile.

I bhformhór na gcásanna, dúirt sé nach raibh scoileanna ag tabhairt sosanna gairme ach amháin má tá siad in ann daoine athsholáthair a fhostú.

Dúirt Garrett O’Dowd, stiúrthóir Teach & Explore, a nascann múinteoirí Éireannacha le poist thar lear, go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag lorg post múinteoireachta thar lear, ach ‘nach bhfuil sé ró-mhór’.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Troid don Teach Bán! Anti-vaxxer Kennedy ag dul in aghaidh Biden

Dúirt sé gurb é an Meánoirthear an suíomh is coitianta mar gheall ar mheascán de thuarastail fhlaithiúla, aeráid agus cóngaracht don bhaile.

Tá an-tóir ar an Ríocht Aontaithe freisin ach tá tuarastail níos ísle acu, a dúirt sé. Tá an Astráil agus an Nua-Shéalainn na háiteanna a bhfuil tóir orthu cé go bhfuil na tuarastail mar an gcéanna le hÉirinn.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram