Na cluichí CLG ar fad: Deireadh seachtaine iomána agus peil na mban – ach an scéal mór ná cosc peile

09/02/2024

Cuireadh cosc ar McConville ar feadh míosa – agus tá na cluichí móra CLG ar TG4 arís

Is deireadh seachtaine don iomáint agus do pheil na mban i CLG go príomha é seo – ach tá an scéal mór faoin pheil.

Ní bheidh bainisteoir peile Chill Mhantáin (Wicklow) Oisin McConville ar an gclaí don mhí seo chugainn mar tá cosc air.

Tháinig an pionós i ndiaidh eachtra nuair a chaill a fhoireann in aghaidh Sligeach (Sligo) Dé Domhnaigh seo caite i Roinn 3 den tSraith Náisiúnta Peile.

Bainisteoir peile Chill Mhantáin (Wicklow) Oisin McConville
Bainisteoir peile Chill Mhantáin (Wicklow) Oisin McConville

Fuarthas amach gur bhain McConville úsáid as ‘focail maslach leis an réiteora’ tar éis eachtra le hoifigeach an chluiche, Kieran Eannetta.

Rinne an t-oifigeach tuairisc ar an t-iarbhuaiteoir Craobh na hÉireann (All-Ireland winner), agus bhí éisteacht os comhair an ‘Central Hearings Committee’ oíche Déardaoin.

Rinne McConville, atá 48 bliain d’aois, iarracht cur in aghaidh an choisc ach sheas an coiste leis an gcúiseamh ar deireadh thiar.

Tá cosc ceithre seachtaine ar McConville, as Crois Mhic Lionnáin (Crossmaglen), a chuirfidh deireadh leis as Cill Mhantáin a threorú ina gcluichí sraithe in aghaidh na hIarmhí (Westmeath) agus an Chláir.

Tá an rogha fós ag McConville a chás a bhogadh suas go dtí an ‘Central Appeals Committee’ más mian leis é a chur ar ceal.

Bhí tús deacair ag Cill Mhantáin le feachtas na sraithe tar éis bua ag an Dúin, 0-18 in aghaidh 0-13 ag an deireadh seachtaine tosaigh.

In a dhiadh sin bhí bua ag Sligigh, 2-10 i n aghaidh 1-11 i bPáirc Markievicz.

Idir an dá linn tá scoth na sraithe CLG le feiceáil arís ar TG4.

Mar sin féin, beidh cluiche Chorcaí ar RTÉ 2 Dé Sathairn ag 7.30pm. Seans go gcoimeádfaidh sé sin Donal Óg agus an Tánaiste Micheál Martin sásta go ceann tamaill. Is in aghaidh Chill Chainnigh (Kilkenny) atá a gcluiche, áfach, agus mar sin beidh sé ina chluiche crua.

Níos luaithe ar an Satharn beidh cluiche deacair ag Uíbh Fhailí (Offaly) i gcoinne Loch Garman (Wexford), sin ar TG4 ag 5pm. Agus níos luaithe fós, imríonn iománaithe an Dúin in aghaidh Ciarraí ar Seinnteoir an BBC ag 1pm.

ois mcconville
Oisin McConville ag imirt d’Ard Mhacha. Pic: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Dé Domhnaigh beidh an dá chluiche mhóra ar siúl ar TG4. Port Láirge (Waterford) i gcoinne an Chláir ag 1.45pm agus Tiobraid Árann (Tipperary) in aghaidh na Gaillimhe ag 3.45pm. Beidh an cluiche idir Aontroim agus Áth Cliath ar siúl ag 1.45pm ach craolfar ar TG4 é níos déanaí tráthnóna.

Dé Sathairn 10 Feabhra

Iománaíocht

Roinn 1 A

Loch Garman v Uíbh Fhailí, 5pm – TG4

GAA agus Micheal martin8
Beidh an Tánaiste Micheál Martin sásta nach mbeidh air féachaint ar iománaithe Chorcaí ar GAAGo. Tá siad ar RTÉ2 in aghaidh Chill Chainnigh, ach is ar TG4 a bheidh an chuid is mó de na cluichí móra

Corcaigh v Cill Chainnigh, 7.30pm – RTÉ2

Roinn 2A

An Dún v Ciarraí, 1pm – BBC iPlayer

Roinn 2B

Dún na nGall v Doire, 2.30i.n

Roinn 3A

An Cabhán v Lú, 2i.n

Roinn 3B

Liatroim v Fear Manach, 2i.n

An Longfort v Warwickshire, 1pm

Peil

Cluiche ceannais Sciath Chorn Uí Bhroin

Lú (Louth) v Cill Mhantáin (Wicklow), 12 meán lae

Dé Domhnaigh 11 Feabhra

Iománaíocht

Roinn 1A

Port Láirge v An Clár, 1.45pm – TG4

Roinn 1B

Tiobraid Árann v Gaillimh, 3.45pm – TG4

An Iarmhí v Luimneach, 2pm

Aontroim v Áth Cliath, 1.45pm – TG4 curtha siar

Roinn 2A

Ceatharlach v An Mhí, 2i.n

Cill Dara v Laois, 2i.n

Roinn 2B

Tír Eoghain v Ros Comáin, 2i.n

Londain v Cill Mhantáin, 1i.n

Roinn 3A

Ard Mhacha v Sligeach, 2pm

Muineachán v Maigh Eo, 1i.n

Peil na mBan

Roinn 3

Sligeach v An Dún, 1pm

Lú v Uíbh Fhailí, 2i.n

An Clár v Ros Comáin, 2i.n

Loch Garman v Aontroim, 2i.n

Roinn 4

Fear Manach v Liatroim, 2i.n

Cill Mhantáin v Doire, 2i.n

Ceatharlach v Cill Chainnigh, 2i.n

Luimneach v An Longfort, 2i.n


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram