An cíos do thionóntaí nua anois €1,598, ar an meán

09/02/2024

Tá cíos ag méadú mar gheall ar ghanntanas lóistín ach tá an líon atá ag teacht ar an margadh ag moilliú

Tá méadú 11% tagtha ar chostas atá le cíos do thionóntaí nua in aon bhliain amháin, agus tá laghdú ag teacht ar líon na lóistíní nua atá ag teacht ar an margadh.

Léiríonn an tuarascáil ráithiúil is déanaí ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancies Board, RTB) agus ón an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Economic and Social Research Institute, ESRI) gurb é an meánchíos go náisiúnta ná €1,598, méadú 11% le 12 mhí anuas.

builders feat 768x448 1
Ba é an meánchostas chun teach nua le ceithre sheomra leapa ar a laghad a fháil ar cíos ná €1,883, méadú 13.4%, agus mhéadaigh tithe reatha a gcíos 6.5% go dtí meán €1,512

Ba é an meánchíos míosúil do thionóntaí reatha ná €1,357, méadú 5.2%. Tháinig an méadú seo in ainneoin go raibh teorainn bhliantúil (annual cap) 2% ag go leor lóistín in ‘designated Rent Pressure Zones (RPZanna)’.

Fuarthas amach sa tuarascáil go raibh cíos 17.7% níos airde –nó thart ar €240 in aghaidh na míosa –á íoc ag tionóntaí nua, ná iad siúd a bhí i lóistín reatha.

Tá costas níos airde do thionóntaí nua á dtiomáint ag easpa teorainn bhliantúil (annual cap) agus ganntanas lóistín nua ar an margadh.

Tá an bhearna is mó idir costas do thionóntaí nua agus reatha lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, a chuimsíonn Cill Dara, an Mhí agus Cill Mhantáin, áit a raibh sé beagnach 25% (€249) níos airde.

B’ionann tionóntachtaí nua lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ag €1,253 in aghaidh na míosa i gcomparáid le €1,004 do thionóntachtaí reatha.

Fuarthas amach sa tuarascáil go raibh na harduithe cíosa is mó bliain i ndiaidh bliana ag tithe móra, as ceithre sheomra leapa ar a laghad.

Ba é an meánchostas chun teach nua le ceithre sheomra leapa ar a laghad a fháil ar cíos ná €1,883, méadú 13.4%, agus mhéadaigh tithe reatha a gcíos 6.5% go dtí meán €1,512.

Tá RPZanna i bhfeidhm i 19 gcontae faoi láthair ach tá imní léirithe ag páirtithe an fhreasúra roimhe seo nach bhfuiltear ag cloí leis na RPZanna.

Fuarthas amach sa staidéar RTB cé go raibh 75% de na daoine a ndearnadh suirbhé orthu ina gcónaí i RPZanna, ní raibh ach 33% ar an eolas go raibh a dteach faoi réir na huasteorannú cíosa.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram