Tá iar-TD cúisithe as tiomáint faoi thionchar cócaon. Tháinig an cás a bhaineann le Colm Keaveney os comhair Chúirt Dúiche Thuama (Tuam District Court) maidin Dé Máirt.
Is iar-TD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil é Keaveney, atá ina chomhairleoir (councillor) ar Chomhairle Contae na Gaillimhe faoi láthair.
Ní raibh Keaveney, atá 53 bliain d’aois, sa chúirt don éisteacht ghairid agus tá an cás curtha ar athlá go dtí an 9 Aibreán.
Tá cúiseamh amháin os a gcomhair, tiomána le cócaon ina chóras. Líomhnaítear (It is alleged) gur tharla an cion ar an 12 Meitheamh anuraidh i gComar (Cummer) i dTuaim, Co na Gaillimhe.
Líomhnaítear gur thiomáin sé feithicil le cócaon ina chóras agus go raibh tiúchan an druga – ar a dtugtar Benzoylecgonine – ina chuid fola níos airde ná an tairseach dhlíthiúil (legal threshold), contrártha (contrary) leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 2010.
Dúirt an t-aturnae cosanta, Martina Moran, go raibh an cás os comhair na gcúirteanna don chéad uair. D’iarr sí ordú le haghaidh ráitis (order for statements).
Ghlac an Breitheamh James Faughnan leis an iarratas agus chuir sé an t-ábhar ar atráth chuig suí de Chúirt Dúiche Thuama an 9 Aibreán.
Bhí Keaveney, as Cill Chraobhanty, Tuaim, Co na Gaillimhe, ina TD de chuid an Lucht Oibre agus Fhianna Fáil araon.
In olltoghchán 2011, toghadh é mar an chéad TD riamh de chuid Pháirtí an Lucht Oibre do thoghcheantar na Gaillimhe Thoir.
Toghadh ina chathaoirleach ar an bpáirtí sin é bliain ina dhiaidh sin, i 2012. Mar sin féin, bliain ina dhiaidh sin, i 2013, d’éirigh sé as Páirtí an Lucht Oibre.
Bhí sé mar TD neamhspleách ar dtús agus ansin chuaigh sé isteach i bhFianna Fáil ach chaill sé a shuíochán Dála i 2016.
Toghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe é mar iarrthóir Fhianna Fáil i 2019.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.