Ómós do David Norris, laoch cearta LGBT, ag dul ar scor ag aois 79

22/01/2024

Molann an tUachtarán agus an Taoiseach David Norris atá ag éirí as an Seanad tar éis cath fada, agus go minic uaigneach, ar son cearta LGBT

Tá an tUachtarán Michael D Ó hUigínn agus an Taoiseach Leo Varadkar i measc na daoine a thug ómós don Seanadóir David Norris tar éis dó éirí as Dé Luain.

D’fhógair an tUasal Norris go foirmiúil go raibh sé ag éirí as an Seanad an 22 Eanáir tar éis dó bheith ag obair i bpolaitíocht na hÉireann le 36 bliain anuas.

Tá sé ag iarraidh an ‘baton’ a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile
Tá sé ag iarraidh an ‘baton’ a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile

Ba é Norris, atá 79 príomhfheachtasóir na hÉireann ar son chearta an phobail LGBTQ agus dúirt sé ag an am go bhfuil sé ag iarraidh an ‘baton’ a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.

Dúirt an tUachtarán go raibh ‘gairm bheatha gradamach (illustrious)’ agus ‘misneach thar an ngnáth’ ag an Uasal Norris, agus é ag cur síos air mar ‘curadh (champion) an chomhionannais (equality) agus na héagsúlachta (diversity) a leanfaidh ag spreagadh na nglún (generation) atá le teacht’.

Mhol an Taoiseach a chuid feachtasaíocht ar son saincheisteanna LADT (LGBT), mná agus grúpaí mionlaigh. Dúirt sé gur léirigh an tUasal Norris ceannaireacht agus é ag seasamh an fód ar son cúiseanna nach raibh tóir orthu ag an am.

Chuir Norris tús lena fheachtas in aghaidh dhlíthe frith-homaighnéasacha na hÉireann breis is 50 bliain ó shin agus bhí an-chuid daoine go láidir ina choinne in ‘Éire Chaitliceach’ an ama.

Bhí sé mar ‘curadh (champion) an chomhionannais (equality) agus na héagsúlachta (diversity
Bhí sé mar ‘curadh (champion) an chomhionannais (equality) agus na héagsúlachta (diversity) Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sé creidiúnaithe anois mar an duine is mó atá freagrach as deireadh a chur le dlí frith-homaighnéasachas na hÉireann, tar éis feachtais a bhain le cásanna cúirte a mhair níos mó ná 14 bliana.

Sna 1980í, thug Norris Éire chuig an gCoimisiún Eorpach um Chearta an Duine (European Commission of Human Rights) agus níos déanaí chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (European Court of Human Rights).

D’áitigh Norris  gur sháraigh an cosc coiriúil ar chaidreamh gnéis idir fir an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

David Norris
David Norris

Is iar-léachtóir ollscoile é Norris, agus tá sé ag fónamh sa Seanad ó 1987, agus é ar an gcéad duine aerach oscailte a toghadh chun oifig phoiblí in Éirinn.

Bhí Norris ina ghlór neamhspleách sa Seanad le 36 bliain anuas, bhí sé ina bhall de Ghrúpa Neamhspleách an tSeanaid agus freisin bhí sé ina iarrthóir uachtaránachta.

Ba é an seanadóir is faide seirbhíse, ‘Athair an Tí’.

Ceaptar go mbogfaidh sé go dtí an Chipir (Cyprus) anois.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram