Bua ag Trump sa chéad ‘primary’ in Iowa tar éis dó é féin a chur i gcomparáid le Al Capone

15/01/2024

‘Níos mó cúisimh ná Al Capone!’ a dúirt Donald Trump ag magadh faoina chásanna cúirte. Mar sin féin tá na pobalbhreitheanna ag taispeáint go bhfuil an tacaíocht atá aige ag fás

Bhí an bua ag Donald Trump i caucus Iowa, agus tá pobalbhreith ag taispeáint go bhfuil beagnach leath de na vótaí Poblachtacha sna Stáit Aontaithe ag dul dó.

Bhí Trump chomh muiníneach sin as an mbua a fháil in Iowa go raibh sé ag déanamh comparáide idir é féin agus an drongadóir (gangster) iomráiteach Al Copone.

Táthar ag súil go bhfaighidh Donald Trump 48% den vóta sa chéad stát le cinneadh a dhéanamh, Iowa
Táthar ag súil go bhfaighidh Donald Trump 48% den vóta sa chéad stát le cinneadh a dhéanamh, Iowa

Is é an t-iarrthóir Poblachtach ar an uachtaránacht leis an tacaíocht is mó agus meastar go mbeidh sé mar iarrthóir an pháirtí i dtoghchán na huachtaránachta i mí na Samhna.

Is dócha go gciallódh sé seo go bhféadfadh sé a bheith ar an gcéad uachtarán eile i Meiriceá mar go bhfuil Joe Biden ag cailleadh tacaíochta.

Léirigh pobalbhreith ABC News nach bhfuil tacaíocht do Joe Biden ach ag 33%, níos measa ná mar a bhí Trump mar uachtarán, le 36%.

Tá imní ar vótálaithe mar go bhfuil comharthaí á dtaispeáint ag Biden go bhfuil tionchar ag a aois ar a ndéanann sé. Tá sé 81 bliain d’aois agus bheadh sé 85 ag deireadh a chéad téarma eile.

Tá sé ag cailleadh tacaíochta freisin i measc vótálaithe óga agus liobrálacha dá thacaíocht láidir d’ionsaithe Iosrael ar Gaza.

Is é caucus Iowa tús an phróisis oifigiúil trína dtoghann Poblachtaigh agus na Daonlathaigh a n-iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta.

Al Capone
Al Capone

Bhíothas ag súil go bhfaighidh iar-uachtarán na Stát Aontaithe Trump 48% den vóta sa chéad stát le cinneadh a dhéanamh, Iowa, tá a thacaíocht ag fás. Fuair sé níos mó ná leath de na vótaí ar fad, 50.9%

In óráid, d’iarr Trump ar Phoblachtánaigh ‘bua a bheadh mar mhacalla (echo) ar fud an domhain’ a thabhairt dó.

Tá ceannas ag Trump ar an bpáirtí Poblachtach agus má bhuann sé an t-ainmniúchán is dócha go mbeidh sé in aghaidh Joe Biden arís i dtoghchán na Samhna, cé go bhfuil sé cúisithe i gceithre chás coiriúla.

Táthar ag súil go mbeidh Trump i Nua-Eabhrac an tseachtain seo áit a n-inseofar an cheart dó os cionn $10milliún (€9 milliún) a íoc le hiriseoir a rialaigh cúirt gur éignigh (rape) sé é.

Mar sin féin, is cosúil nach bhfuil imní ar Phoblachtánaigh faoi seo.

Bhí na hiarrthóirí móra go léir ach amháin Trump in Iowa agus caitheadh suas le $258 milliún ar fhógraíocht.

Ina ionad sin, ghníomhaigh an tUasal Trump amhail is go raibh an t-ainmniúchán aige cheana féin.

Léirigh pobalbhreith ABC News nach bhfuil tacaíocht do Joe Biden ach ag 33%
Léirigh pobalbhreith ABC News nach bhfuil tacaíocht do Joe Biden ach ag 33%

Fuair Trump 50.9%, fuair a iar-ambasadóir na Náisiún Aontaithe Nikki Haley ar 19% agus gobharnóir Florida Ron DeSantis 21.2%.

Tá DeSantis, a cháin Disney mar gheall ar chearta aeracha, curtha i leith Trump mar iomaitheoir mór agus d’éirigh go maith leis in Iowa, agus é sa dara áit.

In Indianola, Iowa, tháinig Trump ar an stáitse agus é ag caitheamh hata bán a dúirt: ‘Trump Caucus Captain’ i litir óir.

Dúirt sé: ‘Rachaidh muid an ruaig ar “Crooked” Joe Biden agus ár dtír a thabhairt ar ais, táimid chun Meiriceá a dhéanamh ar fheabhas arís (great again)’.

Rinne sé magadh ar na cúisimh choiriúla ina aghaidh agus dúirt go bhfuil sé cúisithe ‘níos mó uaireanta ná an drongadóir  mór Alphonse Capone, nach maireann’.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram