Tá rabhadh Stádas Buí le teocht íseal agus oighear (ice) eisithe ag Met Éireann agus iad ag tuar go dtitfidh sneachta go ceann ceithre lá.
Tháinig an rabhadh i bhfeidhm at 7in tráthnóna Dé Domhnaigh agus tá sé i bhfeidhm don Chabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin agus Sligeach (Cavan, Donegal, Galway, Leitrim, Mayo, Monaghan, Roscommon agus Sligo) chomh maith le Cúige Mumhan (Munster ) agus Laighean (Leinster) ar fad.
Táthar ag súil go dtiocfaidh deireadh leis an rabhadh Stádas Buí go luath Dé Luain ach meastar go mairfidh an rabhadh sneachta níos faide.
Tá rabhadh ann freisin faoi choinníollacha taistil deacra agus faoi ainmhithe mar gheall ar an bhfuacht.
Tá an sneachta féideartha tuartha go ceann ceithre lá.
Fanfaidh an Luan an-fhuar le sioc (frost) agus oighear. Beidh ceo (fog) fánach ann, a ghlanfaidh de réir a chéile.
Beidh sé tirim go príomha le roinnt tréimhsí gréine. Beidh ceathanna scoite sa tuaisceart agus san iarthuaisceart, agus táthar ag súil go n-iompóidh cuid acu ina bhflichshneachta agus sneachta.
Beidh an oíche tirim go príomha, le roinnt scamaill ó thuaidh agus báisteach ag scaipeadh ar Chúige Uladh, Chonnacht agus thuaidh Laighean. Thuar Met Éireann flichshneachta agus sneachta féideartha in áiteanna áirithe.
‘An-fhuar le sioc agus oighear ag forbairt agus na teochtaí is ísle ó -4 go 0 céim,’ a dúirt Met Éireann.
Mar an gcéanna, beidh an Mháirt níos tirime sa deisceart agus níos scamallaí ar fud an leath thuaidh den tír agus an bháisteach sa tuaisceart le flichshneachta agus sneachta.
Táthar ag súil go scaipfidh an bháisteach níos faide ó dheas níos déanaí sa lá. Léirítear go bhfuil na teochtaí is airde idir 3 agus 7 céim i bhfianaise ghaotha measartha an iarthair.
Oíche ‘an-fhuar’ eile Dé Máirt a bheidh ann agus an bháisteach ag glanadh ó dheas go luath sa tráthnóna. Beidh formhór na n-áiteanna tirim, ach iompóidh ceathanna scaipthe go dtí frithshneachta agus sneachta sna cóstaí thuaidh agus thiar thuaidh thar oíche.
Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh an Chéadaoin ‘an-fhuar le sioc, oighear agus ceo’.
Go hiondúil beidh sé tirim le tréimhsí gréine le ceathanna de fhrithshneachta agus sneachta ó thuaidh agus thiar.
‘Lá fuar eile,’ a bheidh ann Déardaoin ach níl aon chomhartha go mbeidh sneachta ann, go fóill.
Beidh go leor gréine ann, agus í tirim den chuid is mó seachas ceathanna geimhridh scaipthe ar fud an tuaiscirt.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.