Rabhadh sneachta agus deir Met Éireann go leanfaidh an aimsir fhuar ar aghaidh

13/01/2024

Ní raibh lá gan an fhuacht ag Éirinn ó thús na bliana – anois deir Met Éireann go gcaithfimid a bheith ullamh don aimsir fhuar agus don fhéidearthacht go mbeidh sneachta ann

Tá an aimsir fhuar anseo le fanacht go ceann tamaill eile, agus tá sé ráite ag Met Éireann go bhfuiltear ag súil le sneachta.
De réir na réamhaisnéise aimsire is déanaí ó na réamhaisnéiseoirí, is mó seans go mbeidh ceantair sa tuaisceart agus san iarthar buailte le coinníollacha sneachta chomh luath le hoíche Dé Domhnaigh.

Tagann teachtaireacht na haimsire tar éis do Met Éireann rabhadh a thabhairt go leanfaidh na coinníollacha le teochataí faoin reophointe ar feadh na seachtaine seo chugainn.

Tá Éire faoi rabhadh Comhairleach Aimsir Fhuar (Cold Weather Advisor)y ó Met Éireann
Tá Éire faoi rabhadh Comhairleach Aimsir Fhuar (Cold Weather Advisor)y ó Met Éireann

Beagnach coicís isteach in 2024 agus ní raibh lá amháin againn i mbliana nuair nach raibh ar dhaoine déileáil leis an fhuacht.

Agus ceaptar go bhfuil sé ag fáil níos measa, mar shampla, beidh an teocht chomh híseal le -4 oíche Dé Luain, agus an bháisteach ag bogadh ar fud Uladh agus tuaisceart Chonnacht le sneachta nó sneachta ar súil in áiteanna.

Tá Éire faoi rabhadh Comhairleach Aimsir Fhuar (Cold Weather Advisor)y ó Met Éireann ó thráthnóna Dé Sathairn, 6 Eanáir. Áiríonn sé seo rabhaidh faoi ‘shioc fhorleathan (widespread frost) agus paistí oighreata (icy patches)’ chomh maith le ‘coinníollacha contúirteacha taistil do dhaoine a bhíonn ag taisteal i gcarranna, ar ghluaisrothair agus ar rothair.

De réir na réamhaisnéise is déanaí ó Met Éireann, is mó seans go dtiocfaidh sneachta ó cheantair thuaidh agus thiar chomh luath le hoíche Dé Domhnaigh.

De réir na réamhaisnéise aimsire is déanaí  is mó seans go mbeidh ceantair sa tuaisceart agus san iarthar buailte le coinníollacha sneachta chomh luath le hoíche Dé Domhnaigh
De réir na réamhaisnéise aimsire is déanaí is mó seans go mbeidh ceantair sa tuaisceart agus san iarthar buailte le coinníollacha sneachta chomh luath le hoíche Dé Domhnaigh

‘An-fhuar oíche Dé Domhnaigh le tréimhsí soiléire agus sioc forleathan. Beidh formhór na gceantar tirim ach beidh ceathanna geimhridh ann, go príomha i gceantair thuaidh le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh. Na teochtaí is ísle idir -4C agus an reophointe,’ a deir Met Éireann.

‘Fuar ar an Luan le sioc a mbeidh mall le glanadh amach. Beidh formhór na n-áiteanna tirim agus grianmhar ach beidh sé níos scamallach sa tuaisceart agus san iarthar, le ceathanna scaipthe. An teocht is airde idir 2C agus 5C le gaoth éadrom,’ a dúirt urlabhraí.

Dúirt Met Éireann: ‘Leanfaidh scamaill agus báisteach éadrom nó ceochán ar aghaidh ag bogadh ó dheas oíche Shathairn, le tréimhsí soiléire ag teacht ó thuaidh níos déanaí. Fuar agus sioc agus na teochtaí is ísle o -3C go 2C .

‘Tús scamallach den chuid is mó Dé Domhnaigh le paistí de bháisteach éadrom nó ceobhrán (drizzle). Roinnt tréimhsí gréine i rith an lae, le roinnt ceathanna. Na teochtaí is airde ó 4C go 7C le gaoth éadrom go measartha ó thuaidh.’

Agus beidh an teocht chomh híseal le -4 oíche Dé Luain, agus an bháisteach ag bogadh ar fud Uladh agus tuaisceart Chonnacht le sneachta nó sneachta ar súil in áiteanna.

Deir réamhaisnéis ó Met Éireann le haaaghaidh an seachtain ó Dé Luain, 15 Eanáir go Dé Domhnaigh, 21 Eanáir, go bhfuiltear ag súil le ‘ardbhrú (high pressure) in iarthuaisceart na tíre agus lagbrú (low pressure) san iardheisceart’.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram