Liverpool v Fulham: Eolas teilifíse agus gach rud eile faoi chluiche leathcheannais Chorn Carabao

10/01/2024

Tá lucht leanúna Liverpool muiníneach (confident) arís, ach fós neirbhíseach (nervous) i ndiaidh an tséasúir seo caite, agus tá súil acu Corn Caraboa a bhuachan – agus tuilleadh le teacht

Leanfaidh Liverpool lena n-iarracht corn a bhuachan an séasúr seo nuair a imreoidh siad in aghaidh Fulham i gcluiche leathcheannais dhá pháirt i gCorn Carabao.

Táthar ag súil go mbuafaidh Liverpool, a bhuaigh an corn dhá shéasúr ó shin, in aghaidh Fullham ach beidh imní orthu faoin mbagairt a chuir Fulham orthu cheana féin. Chuir siad faitíos ar Liverpool nuair a d’imir siad leo níos luaithe an séasúr seo.

Seo gach rud atá uait faoin gcéad chluiche de dhá cheann idir an dá thaobh:

Curtis Jones as Liverpool ag ceiliúradh tar éis scórála le linn chluiche ceathrú ceannais Chorn Carabao idir Liverpool agus West Ham United ag Anfield an 20 Nollaig  Pic: Michael Regan/Getty Images
Curtis Jones as Liverpool ag ceiliúradh tar éis scórála le linn chluiche ceathrú ceannais Chorn Carabao idir Liverpool agus West Ham United ag Anfield an 20 Nollaig  Pic: Michael Regan/Getty Images

Cá bhfuil cluiche na hoíche anocht idir Liverpool agus Fulham á imirt?

Tá Liverpool sa bhaile don chéad chluiche den chomórtas leathcheannais agus beidh fonn orthu a thaispeáint cé chomh láidir agus atá siad os comhair slua glórtha Anfield.

Cathain a bheidh Liverpool vs Fulham ar siúl?

Imreoidh Liverpool in aghaidh fhoireann an bhainisteora Marco Silva anocht, Dé Céadaoin, 10 Eanáir.

Bobby De Cordova-Reid ó Fulham (ar dheis) ag ceiliúradh tríú chúl an chluiche a scóráil a fhoireann le linn an chluiche sa Premier League ag Anfield are Dé Domhnaigh 3 Nollaig
Bobby De Cordova-Reid ó Fulham (ar dheis) ag ceiliúradh tríú chúl an chluiche a scóráil a fhoireann le linn an chluiche sa Premier League ag Anfield are Dé Domhnaigh 3 Nollaig

Cén t-am a thosóidh sé?

Imreofar an cluiche faoi na soilse ag Anfield agus cuirfear tús leis ag 8pm.

Cén cainéal teilifíse a bhfuil Liverpool vs Fulham air?

Ní thaispeánfar an cluiche beo saor in aisce mar gur cheannaigh Sky Sports na cearta de.

Tá Trent gortaithe – ach tugann sé sin seans
d’imreoir na hÉireann le Liverpool Cliceáil ANSEO

Taispeánfaidh Sky Sports Main Event agus Sky Sports Football an cluiche le comhráite réamh-chluiche ag tosú ag 7pm.

Beidh síntiúsóirí (subscribers) in ann an cluiche a shruthú (stream) trí NOW agus an aip Sky Go.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram