Dhiúltaigh an marfóir ciontaithe Kevin Walsh a rá cé a sháraigh (stabbed) é sula bhfuair sé bás de bharr a ghortaithe, níos luaithe an tseachtain seo.
Bhásaigh Walsh san ospidéal oíche Dé Domhnaigh tar éis dó a bheith faighte le créachta (wounds) ina árasán i Leamhcán (Lucan) go luath maidin Dé Domhnaigh.
Bhí sé i bpríosún roinnt uaireanta i rith a shaoil — ina measc, trí bliana i bpríosún as dúnorgain (manslaughter) nuair a bhí sé 16 bliana d’aois i 2006.
Bhí Walsh, a bhí 34 bliain d’aois, tar éis tacsaí a thógáil óna theach teaghlaigh in Allenton Green, Tamhlacht (Tallaght), go dtí an árasán i Shackleton Hall ina raibh sé ina chónaí.
Ag thart ar 3am Dé Domhnaigh tháinig otharcharr chuig an árasán agus fuarthas Walsh le créacht.
Dúirt foinsí leis an Irish Independent: ‘Ní déarfadh sé cé a sháraigh é, cén áit ar ionsaíodh é ná ní déarfadh sé aon rud faoin gcaoi a fuair sé na gortuithe.
‘Dhiúltaigh sé aon rud a rá a bheadh ina chabhair dúinn,’ a dúirt an fhoinse.
Sa bhliain 2006, ciontaíodh Walsh i ndúnorgain James Burke, a bhí 20 bliain d’aois, i gceantar páirce i nGleann na Life (Liffey Valley) i Meán Fómhair 2005.
Chualathas sa triail go ndearna Walsh, a bhí 16 bliana d’aois ag an am, ionsaí marfach ar an íospartach toisc gur Sasanach é.
D’fhan corp an Uasail Burke i bpáirc in aice le hionad siopadóireachta Ghleann na Life ar feadh dhá lá sula bhfuarthas é.
Dheimhnigh Gardaí atá ag fiosrú bás an Uasail Walsh go ndearnadh post mortem Dé Luain.
Tá achainí déanta ag imscrúdaitheoirí ar fhinnéithe agus tá seomra teagmhais curtha ar bun ag Stáisiún Garda Leamhcáin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.