Tá baol an tsneachta ard sna laethanta amach romhainn mar thug saineolaí aimsire rabhadh go dtitfidh teocht na hÉireann níos faide fós.
B’éigean dóibh siúd atá ag súil le tús maith leis an mbliain nua seachtain leis an aimsir faoin reo phointe a fhulaingt, agus tugann na samhlacha aimsire is déanaí le fios nach bhfuil rudaí ag athrú go luath.
De réir Alan O’Reilly ó Carlow Weather’ tá seans níos mó ann go dtitfidh teochtaí, atá ag -5C cheana féin i gcodanna áirithe den tír.
‘Leanann an tsamhail aimsire EMC is déanaí le téama an aeir níos fuaire an tseachtain seo chugainn agus baol ann go mbeidh roinnt sneachta ann, le aer éadrom (mild air) agus báisteach ag brú in aghaidh an fhuachta,’ a dúirt sé.
Dúirt an tUasal O’Reilly go bhfuil sé ‘deacair’ sneachta a thuar 24 uair roimh ré – áfach, beidh orainn a choinneáil te arís an tseachtain seo chugainn mar go leanfaidh an aimsir fhuar ar aghaidh.
Mhínigh sé ar Twitter: ‘Léiríonn [na] cairteacha is déanaí fós baol aimsir fhuar an tseachtain seo chugainn ach tá saghas cath ar siúl freisin – an fuacht ag teacht ón tuaisceart agus aer níos teo ó dheas.
‘D’fhéadfadh sneachta a bheith san áit a dtagann siad le chéile ach tá sé an-deacair a rá le cinnte cá mbeidh sé sin.
‘Le seachtain fhuar an tseachtain seo agus baol aimsir níos fuaire an tseachtain seo chugainn, déan cinnte foinsí teasa a sheiceáil.’
Agus d’eisigh Met Éireann Comhairliúchán Aimsire Fuar (Cold Weather Advisory) níos luaithe sa tseachtain, atá i bhfeidhm go dtí 9am Dé Sathairn.
Dúirt Met Éireann: ‘Beidh aimsir fhuar ar fud na hÉireann an tseachtain seo.
‘Beidh sioc (frost) trom, paistí oighreata agus ceo (fog) dlúth ann uaireanta as a dtiocfaidh coinníollacha contúirteacha taistil.’
D’fhan an teocht íseal san iarthar, chomh híseal le -5C oíche Dé Máirt, agus thosaigh maidin Dé Céadaoin le sioc agus oighear ar na bóithre.
Bhí na teochtaí is airde idir trí agus seacht gcéim Dé Céadaoin.
Cé go bhfuil seachtain ‘an-fhuar’ á thuar ag Met Éireann an tseachtain seo chugainn, dúirt siad go mbeidh an Déardaoin tirim.
Táthar ag súil go mbeidh sé is fuaire sa tuaisceart agus san iarthar, áit a moltar do thiománaithe a bheith cúramach agus iad ag taisteal mar gheall ar an sioc agus an oighear.
‘Lá suarach’ a bheidh ann Dé hAoine le roinnt tréimhsí gréine agus beidh an teocht idir 2C agus 7C san oirdheisceart.
Dúirt Met Éireann: ‘Leanfaidh an deireadh seachtaine fuar agus tirim go príomha.
‘Mar sin féin, is dócha go mbeidh roinnt ceathanna ag bogadh anuas ón tuaisceart uaireanta.
‘Beidh teocht an lae idir 4C agus 7C agus beidh sioc agus paistí oighreata san oíche.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.