

Ómós tugtha don ‘blogger’ Éireannach Sinéad McManus a fuarthas marbh san India ar Oíche Chinn Bhliana (New Year’s Eve).
Fuair Sinéad, as Baile an Oibricigh (Oberstown), na Teamhrach (Tara), Co. na Mí (Meath), bás ina seomra óstáin nuair a theip uirthi teacht anuas don bhricfeasta.
Chuir a teaghlach síos ar an bhean Sinéad mar ‘an solas inár mbeatha’. Bhí sí ina cónaí i Goa le deich mbliana anuas.
Bhí sí ina colúnaí (columnist) agus ‘blogger’ fáilteachais (hospitality) agus spa.
Shroich sí Óstán Lalit i Rajbagh Tarir lena cairde as Deilí ar an 29 Nollaig agus chaith sí an lá ag iniúchadh an cheantair.

Ní raibh Sinéad, a bhí 49 bliain d’aois, le feiceáil don dinnéar ar an 30 Nollaig, áfach.
Agus nuair a theip uirthi teacht anuas don bhricfeasta an mhaidin dár gcionn d’úsáid foireann an óstáin máistir-eochair (master key) chun a seomra a oscailt, a deir tuairisc san Irish Sun.
Tugadh le fios i scrúdú iarbháis ó shin go bhfuair Sinéad bás de bharr taom croí (heart attack).
Dúirt a teaghlach, atá ag beartú seirbhís a dhéanamh di in Éirinn, gur créamadh (cremated) a corp ag teacht leis an traidisiún Hiondúch.
Tá tuismitheoirí Shinéad, Joseph agus Bridgie marbh agus maireann a deirfiúracha Mary, Mags, Joan agus Elaine agus a deartháireacha John, Andrew agus Joseph.

Maireann a deartháireacha céile, deirfiúracha céile agus ‘go leor neachtanna agus nianna agus teaghlach sínte chomh maith lena cairde ar fud an domhain’.
I bhfógra báis ar líne, chuir muintir Shinéad síos uirthi mar ‘an solas inár mbeatha’.
Dúirt siad: ‘Ghlac sí leis an saol mar spiorad saor. Réalta lonrach, thug sí áthas do go leor daoine ar fud an domhain.’
Dúirt iar-chomhghleacaí Sally Jones, a bhuail le Sinéad nuair a bhí sí ina déagóir ‘chatty and bubbly’, go raibh sí ‘lán de bheatha agus fuinneamh’.
Chuimhnigh máthair dhia Shinéad uirthi mar ‘bean le croí órga’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.