Tá cúis bháis Sinéad O’Connor fógartha ag Cróinéir (Coroner) i Londain

10/01/2024

Níl gá le ionchoisne (inquest) mar deir an Cróinéir go bhfuil an t-imscrúdú faoi Sinéad dúnta anois

Tá cúis bháis Sinéad O’Connor ar fail anois, tar éis bhás an amhránaí anuraidh. Fuair laoch rac na hÉireann bás i mí Iúil seo caite nuair a thángthas uirthi ina hárasán i Herne Hill, Londain Theas. Bhí sí 56 bliain d’aois.

Tar éis a báis, d’ordaigh Cróinéir Londain Theas go ndéanfaí scrúdú iarbháis (autopsy), mar níor tugadh aon míniú leighis don chúis a bhfuair sí bás ag an am.

Fuair Sinéad O’Connor bás anuraidh
Fuair Sinéad O’Connor bás anuraidh

Dúirt an Cróinéir freisin, ag an am, nach mbeadh torthaí an iarbháis ar fáil go ceann roinnt seachtainí agus go ndéanfaí cinneadh ansin dá mbeadh gá le ionchoisne (inquest).

Tá sé deimhnithe anois ag urlabhraí do Chúirt Chróinéara Southwark go bhfuair Sinéad ‘bás de chúiseanna nádúrtha (natural causes)’.

I ráiteas, dúirt siad: ‘Tá sé seo le deimhniú go bhfuair Sinéad O’Connor bás de bharr cúiseanna nádúrtha.

‘Mar sin tá deireadh curtha ag an gcróinéir lena baint lena bás. Ba cheart aon fhiosrúcháin bhreise a chur chuig an gCláraitheoir (Registrar) ag Lambeth.

Sochraid an amhránaí i mBré (Bray) tar éis a báis
Sochraid an amhránaí i mBré (Bray) tar éis a báis

‘Ní dhéanfar a thuilleadh tuairimí (No further comments).’

Cuireadh Sinéad chun cinn go hidirnáisiúnta i 1990 lena leagan de Nothing Compares 2 U.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram