Tá séasúr nua peile CLG ar tí tosú, mar sin breathnaímis ar chúigear imreoirí atá ag teacht chun cinn agus a bhféadfadh clú a bheith orthu roimh chluiche ceannais na hÉireann.
Tá súil ag lucht tacaíochta peile na Mí go mbeidh an rath céanna acu agus a bhí leis an bua sa Chorn Céad Bliain CLG I 1984, le Colm O’Rourke i gceannas anois.
Chinn O’Rourke seans a thabhairt d’imreoirí óga. Bhí Conor Gray ar dhuine de thrí réalta nua. Ba iad Seán Brennan agus Aaron Lynch na cinn eile.
Bhí a gcéad chluiche acu i mbabhta tosaigh chluiche Chorn Tailteann in aghaidh Thiobraid Árann agus chuaigh siad ar aghaidh ag imirt i ngach cluiche.
Shábháil Graya imirt is fearr go deireanach le feidhmíocht iontach sa chluiche ceannais. Agus ainmníodh é ar fhoireann na bliana Chorn Tailteann. Beidh sé ar dhuine de na chéad ainmneacha ar bhileog foirne O’Rourke i mbliana.
Thug Michael Warnock dúshlán do Theo Clancy as Cill Mochuda (Kilmacud), a bhí 19 mbliana d’aois, i gcluiche ceannais na gClubanna i mí Eanáir seo caite agus d’fhoghlaim lárchúr an Ghleanna (Glen) cé chomh láidir agus a bhí an fear óg.
Agus i gcluiche ceannais an chontae i mí Dheireadh Fómhair níor lig sé leis an All-Star as an Bhaile Bhuadáin (Ballyboden), Colm Basquel, ach dhá phointe. Agus, fiú leis an réalta Michael Fitzsimons leis na Dubs beidh ar Dessie Farrell a líne lánchúlaí a neartú. Is féidir le Clancy é sin a dhéanamh.
Thaispeáin Cillain Burkea chuid scileanna i gcluiche ceannais idirmheánach contae Chiarraí idir Fossa agus Baile an Mhuilinn/Caisleán na Maine (Milltown/ Castlemaine).
Mheall na deartháireacha Clifford an lucht leanúna chuig an cluiche – agus is ar éigean go raibh díomá orthu le 12 phointe ó David Clifford – ach ba é an t-ionchas go dtiocfadh ball d’fhoireann buacach Bhaile an Mhuilinn (Miltown) isteach leis na Cliffords in ionsaí Chiarraí a thug dóchas don lucht leanúna.
Le Burke, seans go mbeidh an t-ionsaí nua a theastaíonn uaidh aimsithe ag bainisteoir Chiarraí Jack O’Connor chun Sam a bhuachan arís.
Chonaic iarbhainisteoir Ros Comáin, John Evans, a dhóthain i gcluiche ceannais an chontae sin agus dúirt sé: ‘Is é Burke imreoir nua na bliana i bhfad, tiocfaidh sé tríd mar imreoir mór do Chiarraí sa dá bhliain atá romhainn.’
Is léir gur ógánach iontach ó Mhaigh Eo é Sam Callinan. Ach is féidir leis a chomhghleacaí ar fhoireann Faoi-20 Mhaigh Eo, Bob Tuohy, a bheith ina réalta freisin, tar éis dó imirt i bhfeachtas rathúil an chontae sa tSraith Náisiúnta, inar thosaigh sé trí chluiche agus inar tháinig sé as an mbinse i gceithre cinn eile, sa chluiche ceannais san áireamh.
Níor imir sé mórán i rith an tsamhraidh ach ba cheart go bhfágfadh an taithí atá aige é i riocht maith chun am cluiche níos rialta a fheiceáil san athbhliain.
Tá fear Chaisleán an Bharraigh (Castlebar) in ann briseadh tríd an gcosaint.
Bhí Buckley ina bhall de phainéal 2023 John Cleary cheana féin ach bhí sé teoranta do chluiche sraithe amháin in 2023. Mar sin féin bí ag súil go n-athróidh sé sin.
Tharraing a fheidhmíocht mar fhear na himeartha do Bhaile Níos (Newcestown) – scóráil sé 0-9, le 0-6 ón imirt – in aghaidh Na Dubhchonnaigh (Dohenys) i gcluiche ceannais Sinsear A aird air.
Is láithreacht ollmhór fisiciúil é freisin, rud a fhágann gur imreoir é don liathróid dhíreach – rud atá ar iarraidh ó Chorcaigh le tamall anuas, agus níl amhras ar bith ar a thallann.
Go deimhin, nuair a bhuaigh Corcaigh craobh Faoi 20 an Chúige in 2021, ainmníodh é mar imreoir na bliana Mumhan sa ghrád.
Más féidir leis fanacht aclaí, gheobhaidh sé an deis an acmhainneacht sin a bhaint amach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.