Beirt pháistí óga fós i riocht tromchúiseach tar éis timpiste

Imní ag méadú faoin ardú ollmhór ar bhásanna ar na bóithre i 2023 le bás beirte agus gortú beirt pháistí tar éis timpiste

Tá beirt pháistí óga fós i riocht tromchúiseach san ospidéal tar éis timpiste uafásach i gCo Chill Dara.

Fuair bean atá ina 40idí bás ag láthair na timpiste agus tógadh beirt leanaí a bhí in éineacht léi chuig an ospidéal.

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí ar Dé Céadaoin go bhfuil coinníollacha na leanaí fós tromchúiseach ach seasmhach.

Dúirt na Gardaí freisin gur bhuail an tríú feithicil, carr, leis an veain tar éis an imbhuailte tosaigh.

Mar sin féin ní raibh cóir leighis ag teastáil ó thiománaí an chairr sin.

Tagann an timpiste seo tar eis tuairisciú go bhfuair 184 duine bás ar bhóithre na hÉireann an bhliain seo caite
Tagann an timpiste seo tar eis tuairisciú go bhfuair 184 duine bás ar bhóithre na hÉireann an bhliain seo caite

Dúirt urlabhraí na Gardaí gur chuir Imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha (Garda Forensic Collision Investigators) deireadh leis an scrúdú ar an láthair ar Dé Céadaoin ach go bhfuil siad ag lorg níos mó eolas.

Tagann na timpistí seo tar eis tuairisciú go bhfuair 184 duine bás ar bhóithre na hÉireann an bhliain seo caite, de réir figiúirí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Sin méadú de 19% ar bhásanna ar bhóithre na hÉireann i gcomparáid le 2022.

Tharla an t-imbhualadh thart ar 6.15pm ar an R148 i gCluain Conaire (Cloncurry) sa Bhóthar Buí (Enfield) ar Dé Máirt.

Tógadh na leanaí óga go dtí an t-ospidéal leanaí i gCromghlinn (Crumlin)  i mBaile Átha Cliath.

Tugadh an fear a bhí ag tiomáint an veain chuig an ospidéal le gortuithe nach raibh bagairt saoil orthu.

Iarrtar ar aon úsáideoir bóithre a bhféadfadh píosaí scannáin ceamara a bheith acu (lena n-áirítear dash-cam) agus a bhí ag taisteal ar an R148 idir an Bóthar Buí agus Cill Choca idir 6pm agus 6.30pm Dé Máirt an scannán seo a chur ar fáil do na Gardaí.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas aige/aici dul i dteagmháil le stáisiún Garda Léim an Bhradáin (Leixlip) ar 01 666 7800, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon stáisiún Garda.

Agus fuair fear a bhí ina 40idí bás tar éis timpiste idir carr agus gluaisrothar tráthnóna Dé Máirt.

Tharla an t-imbhualadh ag thart ar 3.10pm ar an bpríomhbhóthar idir an Cabhán agus Béal Átha na nEach (Ballinagh) ar an N55 ag Corlurgan.

Fógraíodh go raibh an gluaisrothaí, fear ina 40idí, básaithe ag an láthair. Níor tuairiscíodh gortuithe ar bith eile.

Tá Gardaí ag iarradh ar fhinnéithe don timpiste seo labhairt leo freisin.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram