D’aithin ABC News iar-uachtarán na Stát Aontaithe, Bill Clinton, mar cheann den 200 ainm – go leor acu cáiliúil – a bhain le héilimh gháinneála gnéis (sex trafficking) Jeffrey Epstein.
Táthar ag súil go n-eiseoidh breitheamh i Nua-Eabhrac na hainmneacha ar Dé Máirt, ag ainmniú an iliomad comhpháirtithe den airgeadóir náireach (disgraced financier) Epstein.
Go dtí seo níor tugadh ach ‘John Does’ agus ‘Jane Does’ orthu i bpáipéir na cúirte.
Tháinig spriocdháta le haghaidh agóidí in aghaidh na n-ainmneacha a phoibliú ag meán oíche Dé Luain, beagnach naoi mbliana tar éis don íospartach Virginia Giuffre éileamh clúmhillte (defamation) a chomhdú i gcoinne comhlach (associate) Epstein Ghislaine Maxwell.
De réir ABC News Dé Luain, is finné (witness) í ‘Jane Doe 162’ a thug fianaise go raibh sí 17 mbliana d’aois nuair a bhí sí leis an bPrionsa Andrew, Maxwell agus Giuffre i dteach Epstein i Nua-Eabhrac.
D’aithin ABC News Bill Clinton mar ‘Doe 36’ agus luaitear é i níos mó ná 50 de na comhaid le eolas bainte amach (redacted files), de réir taifid chúirte.
Mar sin féin, ní dhearna Giuffre aon líomhaintí faoi éagóir in aghaidh Clinton, ach dúirt sí gur bhuail sí leis ar oileán príobháideach sna hOileáin ‘Virgin’ de chuid SAM, áit a dúirt Clinton nár thug sé cuairt air riamh.
Léirigh logaí eitilte pearsanta a bhí á gcoimeád ag ceann de phíolótaí Epstein gur eitil Clinton go forleathan ar eitleán Epstein, lena n-áirítear turais go Páras, Bancác agus Brúiné sna blianta tar éis dó an oifig a fhágáil in 2001.
De réir ABC, chuaigh dlíodóirí Giuffre i dteagmháil le hionadaithe dlí Clinton ach d’fhreagair siad nach mbeadh a fhianaise cabhrach.
Dhiúltaigh dlíodóirí Maxwell an smaoineamh freisin.
Ach tháinig ainm Clinton aníos arís agus arís eile i dtaca le Epstein, lena n-áirítear in alt irise i Nua-Eabhrac in 2002 inar dúirt sé, trí urlabhraí, go raibh Epstein ‘ina airgeadóir an-rathúil agus ina daonchara tiomanta le tuiscint ghéar ar mhargaí domhanda agus eolas domhain ar eolaíocht an 21ú haois’.
Dúirt Clinton gur ghearr sé a naisc le Epstein in 2005 tar éis do Epstein a bheith cúisithe as cailíní faoi aois a thabhairt chuig a theach i Palm Beach le haghaidh suathaireacht (massages) ghnéasach.
Tar éis do Epstein a ghabháil in 2019, d’eisigh Clinton ráiteas arís, ag rá nár labhair sé le Epstein ‘le breis is deich mbliana’ agus ‘nach raibh sé riamh go hOileán ‘Little St James’, rainse Epstein i Nua-Mheicsiceo, nó a áit chónaithe i Florida’ agus agus nach raibh aon fhios aige faoi choireanna Epstein.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.