Shiúil na dosaenacha mac léinn amach as rang a mhúin Hillary Clinton i Nua-Eabhrac an tseachtain seo, mar agóid in aghaidh líomhaintí go raibh ról ag a n-ollscoil i ‘náire’ a chur ar agóideoirí in aghaidh foréigean Iosrael in Gaza.
Bhí thart ar 30 mac léinn páirteach san agóid in Ollscoil Columbia.
Bhí Clinton, iar-rúnaí stáit na Stát Aontaithe, agus iar-sheanadóir do stát Nua-Eabhrac ag tabhairt léachta ar bheartas eachtrach mar chuid dá rang gnóthaí domhanda.
Tharla an tsiúlóid tar éis eachtra an tseachtain seo caite inar taispeánadh grianghraif de mhic léinn a shínigh dearbhú ag cur an milleán ar Iosrael as ionsaithe Hamas ar 7 Deireadh Fómhair.
Bhí na grianghraif ar scáileáin físe ar leoraithe.
Bhí na leoraithe páirceáilte in aice le campas na hollscoile os cionn na bhfocal ‘na “antisemites” is mó i gColumbia’, de réir tuarascála sa New York Times.
Dúirt an lucht agóide gur tógadh na grianghraif ó ‘portal’ mac léinn ‘slán agus príobháideach’ ag scoil gnóthaí idirnáisiúnta agus poiblí Columbia.
Thuairiscigh an New York Times go raibh an siúl amach pleanáilte agus síochánta, agus iad siúd ag fágáil beagnach leath bealaigh trí léacht dhá uair an chloig de chuid Clinton.
D’fhreastail thart ar 300 mac léinn ar an léacht.
Bhí an lucht agóide ag éileamh ‘tacaíocht dhlíthiúil láithreach do mhic léinn a raibh tionchar orthu’ agus ‘tiomantas do shábháilteacht agus príobháideacht na mac léinn’, dar leis an Times.
Labhair Déan na scoile, Keren Yarhi-Milo, a chomh-mhúineann an rang, leis na mic léinn agóide tar éis na léachta agus léirigh sí a tacaíocht dóibh, a dúirt urlabhraí ollscoile.
Bhí Clinton fágtha cheana féin ag an am sin.
Tá seasamh láidir glactha ag Clinton, iar-iarrthóir uachtaránachta na nDaonlathach, ar Gaza. An tseachtain seo caite shéan sí iad siúd a bhí ag iarraidh sos cogaidh agus dúirt sí nach dtuigeann siad Hamas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.