Bagairt chúirt ag Kimmel do réalta peile faoi líomhaintí Epstein

04/01/2024

Teannas i measc daoine cáiliúla agus polaiteoirí mar gheall ar an liosta na n-ainmneacha atá nasctha leis an coiriúil gnéas Jeffrey Epstein

Tá bagairt déanta ag Jimmy Kimmel réalta peile Meiriceánach Aaron Rodgers a thabhairt os comhair na gcúirteanna mar gheall ar ‘é a nascadh le Jeffrey Epstein’.

Dúirt an t-óstach seó cainte as Meiriceá, a bheidh ina óstach ar na hOscars don cheathrú huair i mí an Mhárta, gur chuir éilimh an cheathrúchúlaithe (quarterback) na New York Jets ‘a theaghlach i mbaol’.

Jeffrey Epstein
Jeffrey Epstein

Dúirt Rodgers go n-ainmneofaí Kimmel i ndoiciméid a bhaineann le níos mó ná 170 duine a bhí ina gcomhpháirtithe, ina gcairde nó ina n-íospartaigh don airgeadóir náireach Epstein, a phoibleofar tar éis rialú cúirte i mí na Nollag.

Tugadh 14 lá do na daoine a bhí le bheith ainmnithe achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an bhreithimh, agus is dócha go scaoilfear na sonraí an mhí seo.

Dúirt Kimmel dá 11.4 milliún lucht leanúna ar X (Twitter) ‘nár bhuail sé leis, nár eitlíodh sé leis, nár thug sé cuairt ar, nó nach raibh aon teagmháil ar bith aige le Epstein, agus nach bhfaighidh tú m’ainm ar aon liosta’.

Jimmy Kimmel
Jimmy Kimmel

Dúirt sé freisin: ‘Chuir do chuid focal meargánta (reckless) mo theaghlach i mbaol. Coinnigh suas é agus déanfaimid tuilleadh díospóireachta ar na fíricí sa chúirt. @AaronRodgers12.’

Bhí iar-réalta na Green Bay Packers ceangailte go rómánsúil le aisteoirí Hollywood lena n-áirítear Shailene Woodley agus Olivia Munn.

Tá Kimmel pósta leis an scríbhneoir Molly McNearney agus tá beirt pháistí ag an lánúin. Tá beirt leanaí aige lena iar-bhean chéile freisin.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram