Feachtas ExtraG.ie: Spotify as Gaeilge? Tabhair cabhair dúinn é a chur i gcrích

29/12/2023

Tá go leor ardán ar fáil i nGaeilge ar líne anois mar gheall ar intleacht shaorga (AI). Deir Spotify go mbeidh siad sásta leagan Gaeilge den suíomh a bheith acu má tá dóthain tacaíochta ann dó. Seo an méid atá le déanamh againn

Tá an Ghaeilge ag éirí níos coitianta mar theanga a úsáidtear go laethúil, go háirithe ar líne, mar shampla ar phodchraoltaí ar Spotify agus suíomhanna eile.

Mar gheall air sin tá an-chuid cuideachtaí idirnáisiúnta ag cur a n-ardáin ar fáil i nGaeilge, dóibh siúd atá ag iarraidh ár dteanga dhúchais a úsáid.

Is féidir le Spotify a bheith ar an gcuideachta is déanaí chun é seo a dhéanamh – le beagán tacaíochta uainn.

spotify feat 1

Tá siad ag iarraidh a fháil amach an mbeadh suim ag daoine áirithe an t-ardán a úsáid dá mbeadh sé ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla – agus má deir a ndóthain daoine go mbeadh suim acu ann, déanfaidh siad é.

Go deimhin, más mian leat a fháil amach cé chomh coitianta is atá an Ghaeilge ar line anois, níl le déanamh ach seiceáil ar an méid ceoil agus podchraoltaí atá ar fáil in nGaeilge ar Spotify.

Má vótálann tú i bhfabhar, ní chiallaíonn sé go mbeidh do chuntas i nGaeilge, ciallaíonn sé go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge dóibh siúd atá ag iarraidh é a úsáid as Gaeilge.

Agus is é an rud iontach faoi theanga eile a bheith ar fáil ar Spotify – nó Microsoft nó go deimhin aon ardán ar líne – go bhfuil rogha agat; is féidir leat aistriú ar ais agus amach idir teangacha, le cliceáil an cnaipe.

Tá gach duine a bhfuil cuntas Spotify aige nó aici i dteideal vótáil.

spotify feat2

Ní thógann sé ach dhá nóiméad cuntas a dhéanamh ar an bpléphobail (forum) agus do vóta a chaitheamh.

Cliceáil ANSEO chun é a dhéanamh

Is ó Chríostóir Mac Dhuibhne a tháinig ar an smaoineamh don fheachtas, agus seo an méid a bhí le rá aige faoi:

‘Sílim gur rud tábhachtach é go bhfuil ár dteanga álainn ar fáil ar líne sa 21ú haois.

‘Bainim úsáid as Spotify gach lá chun éisteacht le ceol nó podchraoltaí (a bhformhór i nGaeilge).

‘Faraor, ní féidir liom é a úsáid as Gaeilge go fóill. Buíochas le Dia, d’fhéadfadh sé seo athrú go luath!

spotify5

‘Chuir mé an moladh chuig Spotify chun é a chur ar fáil i nGaeilge. Tá gach duine a bhfuil cuntas Spotify aige nó aici i dteideal vótáil. Ní thógann sé ach dhá nóiméad cuntas a dhéanamh ar an bpléphobail agus do vóta a chaitheamh.

‘Má fhaigheann an moladh 180 vóta i gceann sé mhí, oibreoidh foireann Spotify air.’

Is fiú a mheabhrú freisin gurb í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil na hÉireann agus is mionteanga aitheanta sa Ríocht Aontaithe í freisin.

Is teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge freisin, rud a chiallaíonn go bhfuil níos mó oibrithe san Aontas Eorpach a úsáideann an Ghaeilge ina saol laethúil.

spotify4

Chomh maith le seo i sé bliana, 2030, beidh 20% de na hearcaigh nua sa státseirbhís ar fad ina gcainteoirí Gaeilge, agus sin ceann de na fáthanna go bhfuil níos mó oibrithe in Éirinn ag labhairt Gaeilge.

Tá níos mó ná dhá mhilliún cainteoir na teanga in Éirinn, sa tuaisceart agus sa deisceart, agus go leor eile thar lear.

Tá breis agus milliún duine ag baint leasa as an ardán Duolingo chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Bheadh go leor de na húsáideoirí seo buíoch dá mbeadh Spotify ar fáil trí Ghaeilge.

Mar sin dá mba mhaith leat Spotify a úsáid as Gaeilge, nó go mbeadh rogha agat é a úsáid i nGaeilge anois agus arís; nó má cheapann tú gur cheart go mbeadh an rogha sin ag daoine eile, vótáil ina fhabhar ar fhóram Spotify.

Cliceáil ANSEO chun é a dhéanamh


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram