Theip ar cúl báire óg Learpholl as Corcaigh, Caoimhin Kelleher, dhá chúl a stopadh – agus níor éirigh le foireann Jurgen Klopp a gcluiche deireanach a bhuachan i ngrúpa Shraith Europa.
Mar sin féin, bhí Caoimhin ar dhuine den iliomad imreoirí óga a chuir an bainisteoir Klopp amach.
Agus ba é an toradh a bhí air ná gur chaill Learpholl a gcluiche deireanach 2-1 i ngrúpa sraithe Europa in aghaidh Union Saint-Gilloise.
Bhí díomá agus frustrachas ar lucht tacaíochta Learpholl cheana féin mar nár éirigh lena bhfoireann dul isteach i Sraith na Seaimpíní san Eoraip an séasúr seo – ach bhí an-áthas orthu faoi fheidhmíocht na foirne i Sraith Europa go dtí seo.
Bhí a fhios ag Klopp roimh an gcluiche go raibh Learpholl cinnte go mbeadh siad ar barr an ngrúpa ar aon nós, tar éis dóibh ceithre cinn de na cúig chluiche tosaigh a bhuachan.
Mar sin bhí Caoimhin ar cheann de go leor imreoirí óga a roghnaigh Klopp don chluiche Déardaoin, agus is dócha go raibh sé ag sábháil a chuid imreoirí réalta do chluiche mór na foirne sa Premier League ar Dé Domhnaigh, i gcoinne Manchester United.
Ní raibh meánaois na foirne ach 21.9 bliain d’aois – agus tá Wataru Endo, atá 30 bliain d’aois, cúig bliana níos sine ná an chéad imreoir is sine eile.
Agus ní raibh ach beirt ar an fhoireann a thosaigh ar Déardaoin a imríonn go rialta, Ibrahima Konate agus Cody Gakpo.
Níorbh aon iontas é gur tháinig an bhagairt go luath ó Union Saint-Gilloise, a bhí ag imirt sa bhaile. Níor chaill siad ach uair amháin sa bhaile an séasúr seo.
Bhí deis ag Gakpo scór a fháil do Learpholl tar éis pas maith ó Conor Bradley ach theip air.
Shábháil Caoimhin dhá cic maith ó Mohammed Amoura agus Gustaf Nilsson ach bhí Union Saint-Gilloise láidir ina n-ionsaithe.
Tháinig Joe Gomez in ionad Konate agus tháinig Ryan Gravenberch in ionad Endo níos déanaí sa chluiche, rud a chiallaigh go raibh an meán níos óige fós, ach is beag a rinne siad chun toradh an chluiche a athrú.
Ní raibh Darwin Nunez agus Calum Scanlon, atá 18 bliain d’aois, in ann mórán a dhéanamh ach oiread.
Mar sin féin, beidh Klopp agus lucht tacaíochta Learpholl níos buartha faoin gcluiche mór Dé Domhnaigh i gcoinne Manchester United.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.