Ag tosú inniu: Sraith dhrámaí raidió

10/12/2023

Tá sraith dhrámaí raidió ghreannmhara agus scannalacha ar siúl an tseachtain seo

Is féidir leis na seachtainí roimh an Nollaig a bheith trioblóideach. Bíonn daoine thíos seal thuas seal. Mar sin féin ní gá ach éist leis an raidió.

An bealach is fearr chun deireadh a chur le hiarmhairtí dubhach na haimsire geimhridh ná an gáire.

Agus beidh sé sin le fail ó Luan go hAoine an tseachtain seo ar Raidió na Life – atá ar cloisteáil ar 106.4fm, ar raidionalife.ie agus ar an App ar ár bhfóin.

Craolfar sraith drámaí greannmhara agus corraitheacha – rudaí nach bhfuil ró-oiriúnach do leanaí! – an tseachtain seo.

thuas seal.jpeg

Seo an scéal: Tá samhradh fada le cur di ag Ailbhe, bean óg ó theaghlach meánaicmeach i mBaile Átha Cliath.

Tá sí millte, réabhlóideach agus dímhúinte agus tá a hathair ag iarraidh go mbeadh sí gnóthach i rith na laethanta saoire agus obair socraithe aige di in institiúidí móra le rá.

Ach tá sé socraithe ag Ailbhe go mbeidh roinnt spraoi aici, is cuma cén áit ina mbeidh sí.

Sraith dhrámaí raidió le Réaltán Ní Leannáin is é Thuas Seal, a chraolfar ar Raidió na Life 106.4fm ar feadh cúig oíche ón Luan, 11 Nollaig go dtí an Aoine, 15 Nollaig ag 8.30pm. 

Le cur chuige éadrom agus siamsúil agus cliar éirimiúil, is sraith ghreannmhar agus chomhaimseartha í seo faoi eachtraí scannalacha Ailbhe. 

Ar na haisteoirí a bheidh le cloisteáil sa tsraith tá: Sinéad Ní Uallacháin, Dairíne Ní Dhonnchú, Hilary Bowen-Walsh, Gearóid Ó Mórdha agus Lelia Ní Chinnéide.

Judy-Meg Ní Chinnéide a léirigh an tsraith agus a bhí i mbun eagarthóireachta agus Marc Ó Loinsigh a bhí mar theicneoir stiúideo. 

Bain trial as.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram