Ceathrú céid tar éis comhaontú síochána sa Tuaisceart, tá Padraig Jack, scríbhneoir amhrán mór le rá, ag tabhairt céim níos faide siar é.
Lena amhrán nua, It Could Be Home, téann sé i dteagmháil le hAontachtóirí.
Tá sé ar fáil anseo:
Agus an tír ag ceiliúradh 25 bliain na síochána le Comhaontú Aoine an Chéasta, tuigeann daoine cé chomh tábhachtach is atá sé sin.
Tá fadhbanna fós ann, ar ndóigh, le bagairt faoi ionsaithe foréigneacha, agus an DUP ag diúltiú dul ar ais sa rialtas.
Ach tá cur chuige difriúil glactha ag Padraig Jack.
Is amhránaí agus cumadóir amhrán é Padraig Jack a bhfuil braistint (perception) láidir staire agus cultúir aige.
Tá albam nua aige, ag teacht amach nios déanaí i mbliana, ach tá an chéad amhrán as ar fáil anois, It Could Be Home.
Leis an amhrán déanann Pádraig Jack, mar fear ón traidisiún Poblachtánaigh, iarracht dearcadh na nAontachtóirí a thuiscint.
Faoi agallamh do Blas na Cathrach, ar stáisiún raidió Ghaeilge Bhaile Átha Cliath, Raidió na Life 106.4fm, deir Padraig Jack, go bhfuil an-chuid chaint faoi aontú na tíre, agus chuir sé sin é ag smaoineamh ar ‘cén chaoi a bhreathnóidh sé’.
Beidh an t-agallamh ar Raidió na Life 106.4fm Dé Máirt ag 2pm. Seo sliocht gairid uaidh:
Deir sé go rinne sé iarracht a thuiscint, ‘cén chaoi a bhfuil Aontachtóirí ag breathnú air’.
San amhrán déanann sé iarracht máirseáil i mbuataisí Aontachtóirí.
Deir sé freisin, ar an agallamh ar Raidió na Life, gur smaoineamh amháin atá san amhrán ná: ‘Dá mbeadh Aontachtóirí ag taistil timpeall an deisceart agus ag dul go dtí na Cliffs of Moher nó amach go hÁran, b’fhéidir nár smaoineadar roimhe sin gur leosan na rudaí sin freisin.’
Deir sé go mbeadh an úinéireacht sin acu, díreach mar an gcéanna le haon duine eile.
Is amhrán cumhachtach é It Could Be Home, agus is é an chéad singil óna dhara albam, a eiseofar i mbliana.
Is fear as Áran é Pádraig Jack, a bhfuil tuiscint láidir aige ar a thraidisiún Gaelach agus ar a theanga féin.
Beidh cúpla ceolchoirm ag Padraig Jack sa Spáinn i mí Aibreáin, agus ansin filleann sé ar Éirinn chun roinnt gigeanna a dhéanamh timpeall na tíre:
13 Aibreán, Leitza, an Spáinn
14 Aibreán, Pamplona, an Spáinn
15 Aibreán, Arteta, an Spáinn
16 Aibreán, Irurtzun, an Spáinn
21 Aibreán, Connemara Coast Hotel, Gaillimh, ceolchoirm 50 bliain Raidió na Gaeltachta
7 Bealtaine, Amharclann Everyman, Corcaigh – aoi speisialta do Seán Keane
19 Bealtaine, Crane Bar, Gaillimh
1 Meitheamh, Sráid an Droichid, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
11 Meitheamh, Féile Dhúlainn, An Clár
22 Meitheamh, Cherry Tree, Walkinstown, Baile Átha Cliath
24ú Meitheamh, Patterns, Brighton, An Bhreatain, mar aoi speisialta ag Miles Hunt
30, Meitheamh, Station House, An Chlocháin, Gaillimh
Meitheamh-Lúnasa, Cónaitheacht samhraidh ag Joe Wattys, oileáin Árann
8ú Iúil, Áras Éanna, Inis Oírr, oileáin Árann
21 Iúil, Inchigeelagh, Co Chorcaí
7ú Deireadh Fómhair, Éigse Dara Beag, Inis Meáin, oileáin Árann
14ú Deireadh Fómhair, Féile Raifteirí, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.