I Pictiúir: Éist le muintir na cathrach ag fágáil slán le Shane

08/12/2023

Tháinig na mílte duine amach i mBaile Átha Cliath Dé hAoine chun canadh le chéile, an uair dheireanach, le Shane MacGowan

Chuaigh na mílte duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, le haghaidh mórshiúl sochraide Shane MacGowan tríd an bpríomhchathair –sular tugadh go dtí an tAonach (Nenagh), Co Thiobraid Árann (Tipperary), é le haghaidh na sochraide.

Bhí daoine ó Bhaile Átha Cliath – agus ó gach cearn den domhan – amach ina mílte chun slán a fhágáil leis an laoch ceoil Shane.

Agus bhí siad ag canadh amhráin de réir mar a chuaigh sé ar aghaidh.

Shane MacGowan Funeral 25

Bhásaigh an amhránaigh as na Pogues Déardaoin seo caite tar éis tinnis fhada.

Bhí  cóiste capaill (horse-drawn carraige) le bratach na hÉireann agus grianghraf de Shane ar cheann ar an mórshiúl, agus Banna Artane ag máirseáil taobh thiar de.

Shane MacGowan Funeral 17
Victoria Mary Clarke

Cuireadh tús leis an mhórshiúl ar acomhal Bhóthar na Lotaí Theas/Bhóthar na Rinne (South Lotts Road/Ringsend Road junction) sular lean sé ar aghaidh go Sráid an Phiarsaigh (Pearse Street) agus ansin Rae an Iarthair (Westland Row).

Shane MacGowan Funeral 1

Ar an mbealach sheinn lucht caoineadh cuid de na hamhráin ab ansa leo ó na na The Pogues, leithéidí Dirty Auld Town agus, i spiorad shéasúr na Nollag, Fairytale of New York, agus an mhórshiúl ag dul tríd na sráideanna, agus daoine ag teacht suas ina mílte chun a meas a thabhairt do Shane.

Shane MacGowan Funeral 11

Tá meas tugtha ag daoine ar na meáin shóisialta freisin, agus an craoltóir Maïa Dunphy ag scríobh ar X (Twitter) ‘nach mbeidh a leithéid ann arís.’

Shane MacGowan Funeral 14

Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram